Tiocfaidh sibh ar eolas faoi imeachtaí atá le teacht agus stair an chomharghrúpa thíos

2024

————— IMEACHTAÍ LE TEACHT —————

11 Nollaig | Seisiún Scríbhneoireachta 12 in Outhouse.

2 Nollaig | Mórimeacht Scéalaíochta AAG i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI), BÁC.

13 Samhain | Seisiún Scríbhneoireachta 11 in Outhouse.

2 Samhain | Cruinniú Cinn Bliana AAG ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.

9 Deireadh Fómhair | Seisiún Scríbhneoireachta 10 in Outhouse.

11 Meán Fómhair | Seisiún Scríbhneoireachta 9 in Outhouse le hAifric Mac Aodha. Sonraí le teacht.

17 Lúnasa | Bród Chléire i gCorcaigh.

14 Lúnasa | Seisiún Scríbhneoireachta 8 in Outhouse.

12-18 Lúnasa | Campa Samhraidh don phobal LADTAIÉ+ i gCléire.

10 Iúil | Seisiún Scríbhneoireachta 7 in Outhouse.

4-7 Iúil | Bród na Gaeltachta ar an bhFál Carrach i nDún na nGall.

22 Meitheamh | Bál Aiteach 2024 i gClub Chonradh na Gaeilge le tacaíocht ó Bhaile Átha Cliath le Gaeilge.

12 Meitheamh | Seisiún Scríbhneoireachta 6 in Outhouse le Mícheál Ó Conghaile.

7-9 Meitheamh | AAG ag Féile na Gealaí, Ráth Chairn.

18 Bealtaine | Ceardlann Scríbhneoireachta AAG sa gCultúrlann i mBéal Feirste le Sam Ó Fearraigh agus Seán Ó Muireagáin agus teacht le chéile idir Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath agus Queercal Comhrá Bhéal Feirste.

8 Bealtaine | Seisiún Scríbhneoireachta 5 in Outhouse.

11 Bealtaine | An dráma Grindr, Saghdar agus Cher á léiriú i mBaile Phib, BÁC, do Phizzfest. Ceannaigh ticéad anseo.

————— IMEACHTAÍ CAITE —————

22 Aibreán | Bhuail Meitheal Aistriúcháin agus Téarmaíochta AAG le chéile ar líne den chéad uair le spriocanna na meithle a leagan síos. Tá eolas faoin meitheal ar an leathanach nua againn, Téarmaíocht LADTAIÉ+.

13 Aibreán | D’éirigh le hiarratas AerachAiteachGaelach i Scéim na gCompántas Drámaíochta 2024 agus chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do chamchuairt an dráma Grindr, Saghdar agus Cher agus don dráma nua An Chos Eile. Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Kevin Johnston agus Seán Mac Dhonnagáin a réitigh an t-iarratas.

10 Aibreán | Seisiún Scríbhneoireachta 4 in Outhouse le hÁine Ní Ghlinn.

2 Aibreán | Chuaigh dream ó AerachAiteachGaelach go dtí an dráma Na Peirsigh in Amharclann na Mainistreach le chéile agus bhuail siad leis an stiúrthóir agus baill den chliar ina dhiaidh.

22-31 Márta | Chaith Tadhg Mac Eoghain, Seosamh Mac Seoin agus Seirce Mhac Conghail deich lá i gCléire ar Scéim Cónaitheachta AAG agus Mheitheal Chléire.

19 Márta | Ghlac Eoin Mc Evoy agus Kevin Johnston ó AAG páirt in Open Space as Gaeilge in Amharclann na Mainistreach, imeacht a stiúir Em Ó Ceallaigh chun plé a thionscnamh maidir le todhchaí na drámaíochta Gaeilge.

15-24 Márta | Chaith Conall Ó Duibhir, Pádraig Ó Cuinneagáin agus Sam Ó Fearraigh deich lá i gCléire ar Scéim Cónaitheachta AAG agus Mheitheal Chléire.

14 Márta | Léiríodh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher in Axis, Baile Munna.

13 Márta | Cuireadh tús le halt sa Guardian le tagairt do Grindr, Saghdar agus Cher, AerachAiteachGaelach agus obair Chiara Ní É.

13 Márta | Seisiún Scríbhneoireachta 3 in Outhouse.

8 Márta | Reáchtáil Conall Ó Duibhir ceardlann maidir le AAG agus na hirisíní (zines) le scoláirí ó Ollscoil Charleston i gClub Chonradh na Gaeilge.

2 Márta | Ceardlann Deartha agus Déanta Éadaí le Róisín Ní Ghabhann sa Rediscovery Centre i mBaile Munna le tacaíocht ó Chiste Spreagtha Sheachtain na Gaeilge agus ón gCrannchur Náisiúnta. Stiofán Ó Briain a d’eagraigh an cheardlann.

1-10 Márta | Chaith Sam Ford agus Tadhg Ó Grifín deich lá i gCléire ar Scéim Cónaitheachta AAG agus Mheitheal Chléire.

14 Feabhra | Seisiún Scríbhneoireachta 2 in Outhouse.

7 Feabhra | Bhronn Foras na Gaeilge maoiniú ar AAG trí Scéim na Litríochta. Bainfear earraíocht as an airgead chun seisiúin rialta scríbhneoireachta a reachtáil in Outhouse, ceardlanna forbartha scríbhneoireachta a chur ar siúl le scríbhneoirí gairmiúla agus mórimeacht scéalaíochta a eagrú i Músaem Litríochta na hÉireann an 2 Nollaig 2024. Stiofán Ó Briain agus Eoin Mc Evoy a d’ullmhaigh an t-iarratas.

2 Feabhra | Bhronn Seachtain na Gaeilge maoiniú ar AAG ón gCiste Spreagtha chun ceardlann déanta éadaí a eagrú. Stiofán Ó Briain agus Eoin Mc Evoy a d’ullmhaigh an t-iarratas.

1 Feabhra | Sheol ár nOifigeach Ballraíochta Joe Simpson agus Eoin Mc Evoy córas nua ballraíochta AerachAiteachGaelach.

10 Eanáir | Seoladh Seisiúin Scríbhneoireachta AerachAiteachGaelach in Outhouse.

1 Eanáir | Cuireadh tús le tréimhse an choiste nua.

2023

15 Nollaig | Gala Aiteach na Nollag leis an Queercal Comhrá i gClub Chonradh na Gaeilge. Oisín Ó Dubhshláine a cheap an ócáid.

13 Nollaig | Labhair Eoin Mc Evoy ar Bhloc TG4 maidir le AAG.

7 Nollaig | Labhair Eoin Mc Evoy ar Bhladhaire maidir le Scéim Cónaitheachta AAG 2024 ar Oilean Chléire.

6 Nollaig | Craoladh an scannán faisnéise Croíthe Radacacha ar TG4 agus Comhstiúrthóirí AerachAiteachGaelach, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy, ina rannpháirtithe ann.

27-28 Samhain | Léirigh AAG an dráma nua An Chos Eile san Axis, Baile Munna.

  • Scríbhneoir: Seán Mac Dhonnagáin.

  • Stiúrthóir: Em Ó Ceallaigh.

  • Léiritheoir: Kevin Johnston.

  • Cliar: Seosamh Mac Seoin, Oisín Thompson, Oliver Flitcroft, Donncha Crowley.

24 Samhain | D’eisigh Meon Eile físeán maidir le Grindr, Saghdar agus Cher i mBéal Feirste.

13-14 Samhain | Léirigh AAG Grindr, Saghdar agus Cher sa gCultúrlann i mBéal Feirste mar chuid d’fhéile Outburst agus ghlac siad páirt i bpainéal plé faoi na healaíona aiteacha trí Ghaeilge in éineacht le healaíontóirí eile ó Bhéal Feirste agus le Queercal Comhrá Bhéal Feirste.

8 Samhain | Labhair Eoin Mc Evoy agus Lisa Nic an Bhreithimh le Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide faoi AAG, an Queercal Comhrá, ShoutOut agus Equality for Parents.

7 Samhain | Labhair Eoin Mc Evoy faoi obair AAG le daltaí an tríú bliain i gColáiste Chluain Chaoin, Baile Átha Cliath.

4 Samhain | Ceapadh Coiste 2024 ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil AAG ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne.

1 Samhain | Bronnadh duais liteartha ar An Chos Eile le Seán Mac Dhonnagáin ag Comórtais Liteartha an Oireachtais.

21 Deireadh Fómhair | Bronnadh Gradam Chatagóir na Gaeilge agus €10,000 ar AerachAiteachGaelach i nGradaim Dea-Chúiseanna an Chrannchuir Náisiúnta i gCill Dara. Féach ar fhíseán de bhronnadh na duaise.

10 Deireadh Fómhair | Foilsíodh alt le Seán Ó Dubhchon in nós* maidir le bua AAG agus bua Bhród na Gaeltachta sna GALAS: https://nos.ie/cultur/bua-mor-ag-na-gaeil-ag-galas-2023/

7 Deireadh Fómhair | Bronnadh an chéad duais ar AerachAiteachGaelach sa gcatagóir Arts & Entertainment ag na GALAS (Gradaim LADTAIÉ+ na hÉireann) i mBaile Átha Cliath.

18 Meán Fómhair | Tháinig cuid de bhaill AAG le chéile i gClub Chonradh na Gaeilge leis na saothair a bhí idir lámha acu a roinnt le chéile.

1 Meán Fómhair | Chuir Eoin Mc Evoy agus Gareth Evans-Jones tús le tionscadal aistriúcháin chun an dráma Grindr, Saghdar agus Cher a thiontú go Breatnais.

25 Lúnasa | Roghnaíodh AAG do ghearrliosta ghradaim na GALAS i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta.

19 Lúnasa | Bród Chléire. Eagraí: Ruairí Ó Donnabháin. Taibheoirí ag an oíche filíochta: Darragh Ó Caoimh, Eoin Mc Evoy, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin agus Julie Goo. Seisiún ar an bhFoclóir Aiteach: Tadhg Mac Eoghain.

9-13 Lúnasa | Thug Eoin Mc Evoy agus Joe Simpson ó AAG cuart ar Eisteddfod 2023 na Breataine Bige le ceangail a chothú idir AerachAiteachGaealach agus pobal aiteach na Breatnaise.

18 Iúil | Léirmheas dearfach ar Grindr, Saghdar agus Cher sa Galway City Tribune.

25-29 Iúil | Grindr, Saghdar agus Cher i gCathair na Gaillimhe ag Féile Idirnáisúnta Ealaíon na Gaillimhe (An Taibhdhearc).

22 Iúil | AAG ag máirseáil i mórshiúl Bhród na Gaeltachta.

21 Iúil | Grindr, Saghdar agus Cher ag Bród na Gaeltachta ar an bhFál Carrach.

17-18 Iúil | Grindr, Saghdar agus Cher i nGaeltacht Chonamara ag Féile Idirnáisúnta Ealaíon na Gaillimhe (Seanscoil Sailearna).

17 Iúil | Alt in Tuairisc faoi Grindr, Saghdar agus Cher ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe: https://tuairisc.ie/grindr-saghdar-agus-cher-ag-feile-idirnaisiunta-ealaion-na-gaillimhe/

15 Iúil | Ceardlann Drámaíochta AAG le Seán Ó Baoill in Amharclann an Gheata. Eagraí: Kevin Johnston.

14 Iúil | Chuaigh AerachAiteachGaelach tríd chuig an mbabhta ceannais i nGradaim na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta i gcatagóir na Gaeilge.

23 Meitheamh | Labhair Eoin Mc Evoy ar Nuacht a hAon maidir le himeachtaí Bróid agus cearta daoine trasinscneacha.

21 Meitheamh | Seoladh an móreagrán aiteach den iris Comhar ag Street 66. Seán Mac Risteaird an t-eagarthóir. Labhair Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Lisa Nic an Bhreithimh ó AAG sleachta ón iris ag an seoladh.

21 Meitheamh | Craoladh an clár Tús Áite (Raidió na Gaeltachta) beo ó Street 66 agus rinneadh plé ar AAG mar chuid de. Cainteoirí: Ciara Ní É, an tOllamh Ciarán Mac Murchaidh, Eoin Mc Evoy, Eoin Ó Catháin, an Dr John Walsh, Lisa Nic an Bhreithimh, Robbie Irwin, an Dr Seán Mac Risteaird agus Traolach Ó Buachalla.

19 Meitheamh | Alt le Lisa Nic an Bhreithimh in Meon Eile ina luaitear AAG: ‘Ní leor an bogha báistí le linn Fhéile Bhród 2023’

10 Meitheamh | Ceardlann spraíúil puipéid stocaí agus ceol le Jill McMahon ó Bhandia/AAG ag Féile na Gealaí.

10 Meitheamh | Labhair Ciara Ní É, Jill McMahon agus Stiofán Ó Briain faoi AerachAiteachGaelach agus Bandia ar Raidió na Life.

8 Meitheamh | Foilsíodh alt eolais faoi AerachAiteachGaelach in InTouch.

3 Meitheamh | Bál Aiteach 2023 ag Club Chonradh na Gaeilge (Eagraithe: Eoin Mc Evoy agus Erin Mac an tSaoir).

1 Meitheamh | Foilsíodh alt le Ciara Ní É maidir le hAerachAiteachGaelach in GCN: ‘Aiteach agus Gaelach’.

1 Meitheamh | Foilsíodh móreagán aiteach den iris Comhar (eagarthóir: an Dr Seán Mac Risteaird, AAG)agus rinneadh plé ar obair an chomharghrúpa in dhá alt:

30 Bealtaine | Ainmníodh AerachAiteachGaelach mar bhuaiteoir contae i nGradaim na gCúiseanna Maithe ag an gCrannchur Náisiúnta i gcatagóir na Gaeilge.

27 Bealtaine | Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach ag an International Literary Festival Dublin. (Eagraí: Stiofán Ó Briain)

  • Taibheoirí: Aurora Divine, Ciara Ní É, Tadhg Ó Ciardha, Tadhg Ó Grifín, We’re Not Together.

  • Foireann chúnta: Kevin Johnston, Stiofán Ó Briain.

14 Bealtaine | Ainmníodh Grindr, Saghdar agus Cher do thrí ghradam ag Gala an International Dublin Gay Theatre Festival.

12 Bealtaine | Labhair Eoin Mc Evoy faoi obair AerachAiteachGaelach ag Comhdháil na Bealtaine i Luimneach.

9 Bealtaine | Foilsíodh léirmheas ceithre réalt ar Grindr, Saghdar agus Cher ón Reviews Hub.

8-10 Bealtaine | Grindr, Saghdar agus Cher ag an International Dublin Gay Theatre Festival.

  • Aisteoirí: Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Sam Ó Fearraigh.

  • Foireann chúnta: Conall Ó Duibhir, Kevin Johnston, Seán Mac Dhonnagáin, Stiofán Ó Briain.

8 Bealtaine | Foilsíodh Mionlach laistigh de mhionlach atá ionainn’ san Irish Times, agallamh le Sam Ó Fearraigh ina luaitear AAG agus Grindr, Saghdar agus Cher.

1 Bealtaine | D’éirigh le hiarratas AerachAiteachGaelach i Scéim na gCompántas Drámaíochta 2023 agus chuir Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil do chamchuairt an dráma Grindr, Saghdar agus Cher agus don dráma nua An Chos Eile.

30 Aibreán | Ghlac Cúnla Ní Bhraonáin Morris, Jill McMahon agus Tadhg Ó Grifín páirt i bpainéal plé faoi AAG agus cúrsaí aiteacha le Roy Galvin agus Bláthnaidh Ní Chofaigh ag Lá Mór na Gaeilge.

20 Aibreán | Seatanna Cinn le AAG (Eagraí: Ciara Ní É).

23 Márta | Labhair Eoin Mc Evoy faoi dhrámaí AAG ag an gcomhdháil Page, Stage, and Everything In-Between: Youth Theatre and Performance in Regional, Minority, and Minoritised Languages in UCD.

11 Márta, 20:00 | Sheinn Bandia don slua ag an mbeár All My Friends do Sheachtain na Gaeilge.

11 Márta, 19:00 | Thug Tadhg Mac Eoghain caint faoin bhFoclóir Aiteach ag All My Friends do Sheachtain na Gaeilge.

11 Márta, 12:30 | Ceardlann úrscéalaíochta AAG le Laureate na nÓg Áine Ní Ghlinn in UCD. (Eagraí: Eoin Mc Evoy).

20 Feabhra | Craoladh sliocht as Grindr, Saghdar agus Cher agus agallamh a chuir Seán Ó Baoill ar Eoin Mc Evoy sa gclár I Lár an Aonaigh, BBC NI.

7 Eanáir | Ceapadh coiste don chomharghrúpa ag an gCruinniú Cinn Bliana in Street 66.

2022

17 Samhain | Grindr, Saghdar agus Cher (dráma) ag IMRAM.

  • Aisteoirí: Eoin Mc Evoy, Ciara Ní É, Sam Ó Fearraigh

  • Banna ceoil: Jill Mc Mahon, Lauren Ní Chasaide, Simon O’Carroll

  • Fear an tí: Stiofán Ó Briain

  • Foireann léirithe IMRAM: Liam Carson, Liam Grant, Margaret Lonergan, Alfredo Lopez

5 Samhain | Grindr, Saghdar agus Cher (dráma) ag an Oireachtas i gCill Airne.

  • Aisteoirí: Eoin Mc Evoy, Ciara Ní É, Seán Ó Baoill

  • Fear an tí: Stiofán Ó Briain

23 Lúnasa | Labhair Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy faoi obair AAG ag Queer Crushes in Street 66.

6 Lúnasa | Picnic AAG i bPáirc Uíbh Eachach.

18-23 Iúil | D’fhreastail toscairí ó AAG ar Bhród na Gaeltachta i dTír Chonaill.

18 Meitheamh | Bál Aiteach 2022 le Celtic Tigress.

17 Meitheamh 2022 | Alt ag Seán Ó Dubhchon in nós* faoin Queercal Comhrá agus AAG.

11 Meitheamh | Ceardlann cártaí poist ag Féile na Gealaí.

1 Meitheamh | Labhair Eoin Mc Evoy faoi AAG ag Lá Taighde Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD.

25 Bealtaine | Labhair John Walsh ag caint faoi AAG agus an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise ag an gcomhdháil Lavender Linguistics.

7 Bealtaine | Oíche léite drámaí nua ag an International Dublin Gay Theatre Festival 2022.

1 Bealtaine | Labhair Lisa Nic an Bhreithimh, Rút Ní Theimhneáin agus Seán Ó Dubhchon faoi AAG agus an saol aiteach ag Lá Mór na Gaeilge.

23 Aibreán | D’eagraigh Emma Ní Chearúil Ceardlann Chruthaitheachta don ghrúpa i gConradh na Gaeilge

7 Aibreán | Ghlac Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh i bpainéal plé faoi AAG agus léamh filíochta ag Cúirt sa Taibhdhearc i nGaillimh.

28 Márta | Thug an grúpa cuairt ar an gceoldráma Abomination le chéile.

5 Márta | Oíche shóisialta aiteach sa gClub i gcomhar leis an Queercal Comhrá.

Eanáir | Comórtas ealaíne AAG. Buaiteoir: ‘Teaghlach Tofa’ le Ciarán Keenan.

2021

20 Nollaig | Foilsíodh agallamh le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy faoi AAG sa leabhar Ó Chleamairí go Ceamaraí

24-26 Meán Fómhair | Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (dráma) le hAlan Walpore, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy ag an Dublin Fringe Festival

26 Meitheamh | Craoladh An Cluiche Snatch ar YouTube do Bhród 2021 (Eagraithe: Kevin Johnston, Eoin Mc Evoy)

Eanáir | Comórtas scríbhneoireachta

2020

17 Nollaig | Chraol Amharclann na Mainistreach ‘Dear Ireland’ le Ciara Ní É

26 Meitheamh | Craoladh físeán ealaíne AAG do Bhród.

24 Feabhra | Bhunaigh Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy an comharghrúpa in Amharclann na Mainistreach faoi Scéim 5x5