Is spás é seo don phlé ar théarmaíocht LADTAIÉ+ na Gaeilge

An Foclóir Aiteach /
The Queer Dictionary

Is é an Foclóir Aiteach an phríomhfhoinse shainiúil don téarmaíocht LADTAIÉ+ i nGaeilge.

Foilsíodh an chéad eagrán sa bhliain 2018 (eagarthóir: Laoighseach Ní Choistealbha) agus cuireadh an dara heagrán amach sa bhliain 2022 (eagarthóir: Tadhg Mac Eoghain). Thacaigh Aontas na Mac Léinn, an Coiste Téarmaíochta, BeLonG To agus TENI leis an obair.

Meitheal Aistriúcháin agus Téarmaíochta AAG

Cuireadh Meitheal Aistriúcháin agus Téarmaíochta AerachAiteachGaelach ar bun i mí Aibreáin 2024. Tá an mheitheal faoi stiúir Thaidhg Mhic Eoghain, an t-eagarthóir ar an dara heagrán den Fhoclóir Aiteach.

Tá sé de sprioc ag an meitheal seo:

  1. téarmaí a bhaineann leis an saol LADTAIÉ+ i nGaeilge a phlé, a bhailiú agus a cheapadh, agus

  2. cáipéisí a bhaineann le seirbhísí tacaíochta agus seirbhísí sláinte don phobal a aistriú go Gaeilge.

Forainmneacha na Gaeilge

An plé atá ar siúl go hidirnáisiúnta maidir leis na forainmneacha neodracha, tá sé faoi lánseol sa Ghaeilge freisin.

Tá na forainmneacha ‘siad/iad’ á n-úsáid ag cuid de na baill in AerachAiteachGaelach agus sa Queercal Comhrá cheana féin agus tá cuid eile acu tar éis ‘siú/iú’, na forainmneacha nua a mhol Tadhg Mac Eoghain sa bhliain 2023, a tharraingt chucu féin mar chur síos ar a n-inscne.

Léigh faoi fhorás na bhforainmneacha neodracha anseo thíos.

‘Forainmneacha Neodracha don Ghaeilge’

San aiste seo le Tadhg Mac Eoghain a foilsíodh sa mhóreagrán aiteach den iris Comhar i Meitheamh 2023, moltar forainm nua neodrach don Ghaeilge, mar atá ‘siú/iú’, agus cuirtear cumadh an fhorainm sin i gcomhthéacs.

‘Is leor neodar don eolach’

San aiste seo le CE Ó hAodhagáin a bhain duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2023, pléitear na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo chun forainm neodrach a mholadh don Ghaeilge.