Uafás Aiteach Gaelach!

Tá comórtas scríbhneoireachta á reáchtáil ag AerachAiteachGaelach chun scríbhneoirí a spreagadh le saothair nua a chumadh i nGaeilge i seánra an Uafáis Aitigh (Queer Horror). Glacfar le prós, drámaíocht agus filíocht. Sonraí thíos.

Póstaer | Cara Nic Giolla Chomhaill, @cngc.ealain

Tá cead ag aon scríbhneoir cur isteach ar an gcomórtas agus ní gá bheith aiteach le páirt a ghlacadh sa chomórtas seo.

Le cur isteach ar an gcomórtas, seol beathaisnéis ghairid agus do shaothar chugainn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com

  • Spriocdháta: 25 Meán Fómhair 2026

  • Duaischiste: €200

  • Uasmhéid focal: 3,000 focal

  • Fógrófar an buaiteoir ag Cruinniú Cinn Bliana AAG ag Oireachtas na Gaeilge 2026 i gCill Airne.

Má ritheann ceist ar bith leat, tar i dteagmháil linn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com

Tá an comórtas seo á reáchtáil againn le cúnamh ó Scéim na Litríochta.

Next
Next

Cluiche Snatch 2026