Ceardlann ar an gCló Gaelach

Reáchtáil Eoin Mc Evoy agus Darragh Ó Caoimh ó AerachAiteachGaelach ceardlann idirghníomhach ar an gcló Gaelach mar chuid de Thogra na Balcóine, tionscadal de chuid Project Arts i mBaile Átha Cliath atá á riar ag an ealaíontóir Louis Haugh.

Léiríodh do na rannpháirtithe conas na litreacha sainiúla sa gcló Gaelach a léamh sular chleacht siad iad a scríobh iad féin le pinn speisialta challagrafaíochta. Phléigh Darragh cuid de na stíleanna éagsúla peannaireachta a bhíonn le fáil sna lámhscríbhinní agus an ealaín a bhaineann leo sin sular labhair Eoin faoin tionchar a bhí ag na stíleanna sin ar na leaganacha éagsúla den chló Gaelach. Chonacthas an cló Gaelach i leabhar clóite den chéad uair sa mbliain 1571 agus baineadh úsáid as i bhfoilsiú na leabhar Gaeilge anuas go dtí na 1940idí, tráth ar aistríodh go dtí an cló Rómhánach.

Balcóin Project Arts

Previous
Previous

Ceardlann Lúibíní i nGaillimh

Next
Next

Ceithre script nua á bhforbairt ag AerachAiteachGaelach