Bál Aiteach 2025: Buaiteoirí
Bhí ardoíche ag AerachAiteachGaelach agus Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath i mBaile Phib ag Bál Aiteach 2025. Bhí slua 70 duine i láthair le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr aiteach agus an cultúr Gaelach ag an mórimeacht le haghaidh Bhród Bhaile Átha Cliath.
I ndiaidh dúinn aithne a chur ar a chéile trí chluichí spraíúla Ailbe van der Heide agus Stiofáin Uí Bhriain, léim fear an tí, Darragh Ó Caoimh, ar an stáitse chun na moltóirí eile, Cúnla ní Bhraonáin Morris agus Katie Nic Aindreas, a chur i láthair don slua agus catagóirí an Bháil a fhógairt. Bhí caighdeán na n-iomaitheoirí ní b’airde ná riamh agus chuir siad an-seó ar siúl le haghaidh an phobail.
Grianghraif: Elena Horgan
Na Buaiteoirí
Belle Feirste
Conall Ó Duibhir (€100)
Campáil Féile
Doireann Ní Bhriain (€50) agus Katie McKiernan (€50)
Gaybhlóid na hÉireann
Eleanor Rogers (€100)
Táin Hoe
Jill McMahon (€100)
Caithfidh na buaiteoirí breátha an duaischiste atá buaite acu ar tháirgí Gaeilge nó Gaeltachta.
Tá muid an-bhuíoch go deo den Chiste Spreagtha, d’Fhoras na Gaeilge agus de Bhaile Átha Cliath le Gaeilge as a gcuid tacaíochta.