Tá sé de sprioc ag AerachAiteachGaelach cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta agus carachair aiteacha i litríocht agus ealaíona eile na Gaeilge.
Foilsíonn AerachAiteachGaelach irisín uair in aghaidh na bliana.
AiteachCuèir (Irisín 2, 2025)
Foilseofar AiteachCuèir, an dara hirisín de chuid AerachAiteachGaelach, sa bhliain 2025. Beidh scoth na filíochta, an phróis agus na healaíne LADTAIÉ+ le feiceáil san irisín agus saothair ann i nGaeilge agus i nGàidhlig. Is é Stiofán Ó Briain an t-eagarthóir agus is é Conall Ó Duibhir an dearthóir. Fuair an tionscadal tacaíocht ó Scéim Miondeontas Cholm Cille.
An Gairdín (Irisín 1, 2024)
“Is Útóipe é an Gairdín. Áit ghlas, chosanta, scáthaithe, shibhialta, amuigh faoin aer. Suíomh suaimhneach a n-éalaímid chuige ó thrup trap an tsaoil. Spás a chothaíonn an bhithéagsúlacht i gcodarsnacht leis an bhfás atá ag teacht ar an monashaothrú neamh-inbhuanaithe.
Útóipe dhénártha, nua-aoiseach atá sa Ghairdín chomh maith, a bhfuil lorg an impiriúlachais uirthi. Nı́ gá ach smaoineamh ar na Gairdíní Sasanacha gona gcosáin shiméadracha, fálta agus féar bearrtha go díreach gan mórán fáilte, nó ar ghairdíní lusanna, a bunaíodh le heolas a bhailiú agus smacht a fháil ar an talmhaíocht sna coilíneachtaí. Iarrachtaı́ smacht a fháil ar nithe fiána. Gortghlanadh ar gach fiaile fánach. Tarlaíonn an gortghlanadh seo sa tsochaí nuair a dhéantar iarracht normálú ar bith a dhéanamh ar na daoine agus cos ar bolg a dhéanamh ar na nithe fiána ina measc.” – Conall Ó Duibhir (Eagarthóir irisín 1, An Gairdín)
Ba é Conall Ó Duibhir eagarthóir an irisín agus rinne Darragh Ó Caoimh an phrofléitheoireacht.
Cliceáil ar chlúdach an irisín chun é a léamh:
Páipéir acadúla a luaitear AerachAiteachGaelach iontu
-
Tá alt leis an Dr John Walsh sa bhfoilseachán sin ina bpléitear ról AerachAiteachGaelach agus ina ndéantar anailís ar Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021), dráma faoi Alan Walpole, a scríobh Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy agus a léirigh AerachAiteachGaelach sa Dublin Fringe Festival.
-
Chuir na taighdeoirí Róisín Ní Ghairbhí agus Éadaoin Ní Mhuircheartaigh agallamh ar bhunaitheoirí AerachAiteachGaelach, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy, sa bhliain 2021 agus scríobh siad an t-alt seo le haghaidh an leabhair Ó Chleamairí go Ceamaraí bunaithe ar an bplé.