AAG ag Faoin Tuath

Ghlac grúpa ó AerachAiteachGaelach páirt sa bhféile iontach Faoin Tuath i gContae an Chláir an 2-4 Bealtaine.

Thug Timire Chúige Mumhan, Jill Mc Mahon, agus Stiúrthóir an chomharghrúpa, Eoin Mc Evoy, ceardlann don slua ar théarmaíocht LADTA+ na Gaeilge agus ar an amhránaíocht agus labhair siad faoi obair an chomharghrúpa.

Is féile í Faoin Tuath a eagraíonn Queer Sheds Clare in ionad Common Knowledge agus tugann an fhéile suas le 140 duine aiteach ó cheann ceann na tíre agus ó thar lear le chéile le foghlaim faoin dúlra, an tsealgaireacht, stair an phobail aitigh agus an ealaín.

Previous
Previous

An Bál Aiteach: Ticéid ar díol

Next
Next

Rath ar AAG i Scéim na Litríochta 2025