Kevin Johnston ag So You Think You Can Drag!
Déanaimid amach gurbh é léiriú Kevin Johnston, ris a ráitear Anna Ard, ar stáitse an George an 27 Feabhra 2026 an chéad uair riamh a canadh amhrán iomlán i nGaeilge ar an stáitse sin. Ceartaígí muid mura fíor dúinn é!
Bhí Kevin ag déanamh ionadaíocht ar AerachAiteachGaelach ar an oíche sa gcomórtas dreaig agus tallainne, So You Think You Can Drag?!, comórtas a dtiomsaítear airgead le haghaidh Gay Community News (GCN) tríd.
Ba é an léiriú seo an chéad uair a chruthaigh Kevin carachtar dreaig dó féin (lasmuigh de pháirteanna réamhscríofa a bhí aige mar aisteoir i ngeamaireachtaí agus i ndrámaí) agus bhain an slua an-taitneamh as a charachtar údarásach muiníneach, Anna Ard, ina gúna bándearg agus a bréagfholt fionn.
Mhúin Anna roinnt Gaeilge don slua i dtosach sular chas sí leagan Gaeilge den amhrán ‘Hopelessly devoted to you’ ón gceoldráma Grease, aistriúchán a bhí déanta ag Kevin féin. Léiriú cumasach ó Kevin agus an slua leis ó thús deireadh.
Bhí slua breá ó AerachAiteachGaelach i láthair le tacú le Kevin agus tá cuid acu le feiceáil anseo thíos.
Anna Ard agus baill de chuid AerachAiteachGaelach