An Gala Aiteach

Bhur gcéad fáilte chuig Gala Aiteach 2023, imeacht speisialta Nollag le hAerachAiteachGaelach agus leis an Queercal Comhrá!

Buail linn i gClub Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair (thíos staighre ag D02 VH98) le haghaidh oíche cheoil ón taibheoir dochreidte SexyTadhg, filíocht agus amhráin ó bhaill de chuid AerachAiteachGaelach agus DJ déanach.

Gheofar gloine scailtín fíona leis an ticéad agus scoth na n-ealaíon agus na craice!

Gléas i do chuid éadaí deasa snasta agus scaoilimis amach an bobailín! Beidh duais €100 ann don duine is galánta!

Coiste eagraithe: Eoin Mc Evoy, Mairead Murphy, Luke Ó Dubhda, Oisín Ó Dubhshláine ó AerachAiteachGaelach.

Previous
Previous

Scéim Cónaitheachta AAG ar Oiléan Chléire 2024

Next
Next

*An Chos Eile* san axis, Baile Munna