Ceardlann Bhobaideachta

Ceird na Bobaideachta
The Craft of Clowning

Bhí an máistir-bhobaide Raymond Keane chugainn in Outhouse i mí na Bealtaine chun bunphrionsabail cheird na bobaideachta (clowning) a mhúineadh dúinn.

Ba é an bobaide agus taibheoir sráide cáiliúil Thom McGinty, ris a ráitear The Diceman, a chuir oiliúint ar Keane agus é ag tosú amach sa gceird agus chuir Keane ceardlann shuimiúil, spreagúil ar fáil dúinn.

Mhínigh Keane Mascanna na gCeithre Meon (The Masks of the Four Temperaments) dúinn, léirigh sé conas iad a ionchollú agus ansin d’iarr sé orainn an masc a tharraingt chugainn féin agus gach meon a chur in iúl muid fein.

Is iad na ceithre mheon:

  • An Meon Dóchasach (masc buí) – The Sanguine Temperament

  • An Meon Teasaí (masc dearg) – The Choleric Temperament

  • An Meon Réchúiseach (masc uaine) – The Phlegmatic Temperament

  • An Meon Dubhach (masc gorm) – The Melancholy Temperament

Eagraíonn Eoin Mc Evoy ceardlann chruthaitheach amháin in aghaidh na ráithe le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach chun a gcuid taithí ar cheirdeanna éagsúla a fhairsingiú.

Previous
Previous

Seisiúin Scríbhneoireachta 2025

Next
Next

Bál Aiteach 2025: Ticéid ar díol