Ceithre script nua á bhforbairt ag AerachAiteachGaelach

Tá ceathrar drámadóirí de chuid AerachAiteachGaelach tar éis na chéad dréachtaí dá gcuid drámaí nua a leagan isteach chuig AerachAiteachGaelach.

Chuir an comharghrúpa maoiniú ar fáil trí Scéim na gCompántas Drámaíochta 2024 chun go mbeadh an t-am ag na scríbhneoirí Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Sam Ó Fearraigh agus Seán Mac Dhonnagáin dul i mbun taighde agus oibre ar smaointe le haghaidh scripteanna nua drámaíochta.

Cuireadh Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (Mc Evoy agus Ní É) chun stáitse i 2021; lean camchuairt Grindr, Saghdar agus Cher (Mc Evoy, Ní É agus Ó Fearraigh) é sin idir 2022 agus 2024; agus léiríodh An Chos Eile (Mac Dhonnagáin) idir 2023 agus 2024 chomh maith. Ba mhithid d’AerachAiteachGaelach roinnt scripteanna nua a chruthú agus chuige sin glacadh 2025 chun na scríbhneoirí a chur ag obair ar smaointe nua.

Leanfaidh na scríbhneoirí de bheith ag obair ar na scripteanna i gcaitheamh an tsamhraidh agus reáchtálfar teacht le chéile ag tús an fhómhair chun gur féidir leo na scripteanna a léamh le chéile agus aiseolas a thabhairt dá chéile. Féachfar ina dhiaidh sin le hiad a chur chun stáitse.

Más ball tú den chomharghrúpa agus má tá script Ghaeilge agat féin a bhfuil fonn ort í a phlé leis an ngrúpa sin, abair linn é ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com

Next
Next

Bál Aiteach 2025: Buaiteoirí