Is aisteoir é Sam sa tsraith theilifíse Ros na Rún. Bhí sé ina chomhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar ⁊ Cher (2022) in éineacht le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy. Craoladh a ghearrdhráma Béarla do raidió, Jack, ar Highland Radio in 2021. In 2020, bhuaigh sé coimisiún chun dráma gairid a scríobh agus a láithriú do Ceangal | Dolen, comhdháil d’amharclannóirí ag obair trí mheán na Gaeilge, na Gàidhlig, agus na Breatnaise. Tá an dráma sin, Balbháin, le feiceáil thíos.
Ba chomhbhunaitheoir é Sam den chompántas amharclannaíochta ThereIsBear! Theatre in 2012. Ba é an príomh-scriptscríbhneoir agus drámatúrg ar a ndráma dátheangach The Shadow of Carmilla | Scáth an tSúmaire in 2017.