ciara.jpeg

Ciara Ní É (sí/í)

Tá Ciara ar dhuine de Chomhstiúrthóirí AerachAiteachGaelach.

Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É. Ise a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn.

Is í Ciara Ealaíontóir Cónaitheach Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD (2023-). Ceapadh í ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann sa bhliain 2019 agus bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017 agus foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Aneas, Icarus agus Comhar ina measc. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici faoi láthair.

Bhí Ciara ina comhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar ⁊ Cher (2022) in éineacht le hEoin Mc Evoy agus Sam Ó Fearraigh; agus bhí sí ina comhscríbhneoir agus comhléiritheoir ar an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le hEoin Mc Evoy.