Is scríbhneoir agus aisteoir ó Bhaile Átha Cliath é Seán Mac Dhonnagáin. I measc na ndrámaí atá scríofa aige tá ALVA (Polliwog Theatre Collective) agus On the Water (Breakfast Theatre). Bhuaigh a dhráma Ar Snámh an chéad duais do Dhráma Aonghnímh i gcomórtas liteartha Oireachtas na Gaeilge 2018. Bronnadh sparántacht air ó axis Bhaile Munna sa bhliain 2020, agus beidh dráma aige ar stáitse axis i mí na Samhna 2023.

Seán Mac Dhonnagáin (sé/é)

Tá dánta do dhaoine óga foilsithe ag Seán i sraith leabhar Séideán Sí. Bhuaigh a scéal splancfhicsin an dara háit i gcomórtas Imbolc Áras Scríbhneoirí na hÉireann sa bhliain 2018 agus foilsíodh an scéal in iris Books Ireland.

Le déanaí, rinne Seán aisteoireacht sna ceoldrámaí Shauna Carrick Wants a Dog (Aon Scéal Theatre, Dublin Fringe Festival) agus Tír na nÓg (Aon Scéal Theatre, Scene and Heard Festival), sna drámaí Dearmad na Fola (Aisteoirí Bulfin) agus From Both Hips (Blackbird Theatre) agus sa tsraith podchraolta They're Only Stories (Ryots Productions).

Is céimí de chuid UCD é Seán agus bhí sé ina reachtaire ar UCD Dramsoc i 2016/2017. Bhí sé mar chuid den foireann aisteoirí a bhuaigh duais "Best Ensemble" ag an Irish Student Drama Association Festival sna blianta 2016 agus 2017.