Eoin Mc Evoy (sé/é)

Is é Eoin Stiúrthóir AerachAiteachGaelach.

Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy.

Eoin a rinne an t-aistriúchán Gaeilge ar na húrscéalta grafacha, Heartstopper 3 (2026), Heartstopper 2 (2025) agus Heartstopper 1 (2024) a cuireadh ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe.

Bhí sé ina chomhscríbhneoir, comhléiritheoir agus aisteoir sa dráma Grindr, Saghdar agus Cher (2022-2024) in éineacht le Ciara Ní É agus Sam Ó Fearraigh agus bhí sé ina chomhscríbhneoir agus comhléiritheoir ar an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) in éineacht le Ciara Ní É.

Tá saothair dá chuid le léamh in Comhar, The Stinging Fly, Trumpet,Cyphers, Howl, Aneas, Feasta agus sa leabhar Green Carnations agus craoladh saothair leis ar Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life agus BBC Gaeilge. Roghnaíodh Eoin do scéim Poetry Ireland Introductions 2021. Bhí sé i measc na mbuaiteoirí i gcomórtas REIC 2020 agus ba é a bhain an chéad duais i gcomórtas filíochta Fhoras na Gaeilge 2020 agus i gcomórtas filíochta Chraobh Aimhirghin 2014, ceann de chomórtais liteartha an Oireachtais.

Oibríonn Eoin i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD, mar a mbíonn sé ag múineadh ar chúrsaí san aistriúchán agus sa scríbhneoireacht chruthaitheach, agus ag plé leis an teicneolaíocht oideachais. Is é an tionscadal cruthaitheach is deireanaí dá chuid san ollscoil ná ‘Éileamh na Talún’, scór úrnua ceoil a chum an cumadóir cónaitheach Ceanadach, Nicholas Fairbank, ar dhán nua Gaeilge le hEoin ar théama na timpeallachta.

Ba é Eoin a chuir an chéad chraobh Ghearmánach de Chonradh na Gaeilge ar bun i mBeirlín (2011) agus tá sé ina chomhóstach ar an ngrúpa sóisialta LADTA+ an Queercal Comhrá le Brian Mac Muiris ón mbliain 2019 i leith.

Labhraíonn Eoin an Béarla, an Ghaeilge, an Fhraincis agus an Ghearmáinis agus tá cumas éigin aige sa Bhreatnais, san Iodáilis agus sa Tuircis.