AAG ag an Oireachtas i mBéal Feirste
Ceapadh coiste nua AerachAiteachGaelach ag Oireachas na Gaeilge i mBéal Feirste an 1 Samhain.
Chaith Stiúrthóir an chomharghrúpa, Eoin Mc Evoy, súil siar ar imeachtaí na bliana; léirigh an Cisteoir, Kevin Johnston, cuntais na bliana do na baill; agus phléigh an Rúnaí, Joe Simpson, na leasuithe a dhéanfar ar bhunreacht na heagraíochta chun gur féidir linn AerachAiteachGaelach a chlárú mar Chuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta amach anseo, leasuithe ar ghlac na baill leo. Cruinniú bríomhar fuinniúil taitneamhach!
Leanfaidh baill choiste 2025 de bheith ag feidhmiú ina gcuid ról go dtí deireadh na bliana agus oibreoidh siad leis an gcoiste nua chun iad a thraenáil agus a ullmhú le haghaidh dhualgais a gcuid ról i 2026.