Irisín nua AAG ag an Dublin Art Book Fair
Foilsíodh AiteachCuèir, an cnuasach litríochta agus filíochta is deireanaí de chuid AerachAiteachGaelach, i bhfómhar na bliana 2025 agus cuireadh an t-irisín san áireamh sa Dublin Art Book Fair i mí na Samhna, aonach a raibh an pobal in ann cóipeanna a cheannach ann. Má chaill tú an deis freastal ar an aonach, is féidir cóipeanna den irisín a cheannach ón Siopa Leabhar anois.
Ba é Stiofán Ó Briain eagarthóir an irisín dhátheangaigh seo agus ba é Conall Ó Duibhir an dearthóir. Tá dánta agus gearrscéalta i nGaeilge agus Gàidhlig le léamh san irisín seo agus tá píosaí cianachló ón gcomharghrúpa le feiceáil ann ón gceardlann a thug Louis Haugh don ghrúpa i mí Aibreáin 2025.
Tá muid buíoch de Scéim Miondeontas Cholm Cille as an tacaíocht.
Tá saothair leis na scríbhneoirí seo a leanas san irisín.
Gaeilge
Caitríona Ní Eireamhóin
Ciara Ní É
Eoin Mc Evoy
Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin
Gàidhlig
Marcas Mac an Tuairneir
Mia Suhaimi
Nathaniel Harrington
Robbie MacLeòid
Tá saothair ealaíne le feiceáil ann ó:
Conall Ó Duibhir
Eoin Mc Evoy
Ian Mac Gabhann
Jill McMahon
Maitiú de Bhaltún