Ceardlann Lúibíní i nGaillimh
Tháinig AerachAiteachGaelach agus Oireachtas na Gaeilge le chéile i nGaillimh i mí Mheán Fómhair chun ceardlann ar na lúibíní a chur ar fáil le haghaidh an phobail. Amhrán beirte éadrom greannmhar atá sa lúibín agus cantar iad gach bliain i gcomórtas ag Oireachtas na Samhna.
D’fhoghlaim na rannpháirtithe faoi stair na lúibíní agus faoin gcaoi a gcumtar iad ó Fhearghus Mac Lochlainn agus Traolach Ó Conghaile agus rinne an bheirt léiriú beoga ar an gceird. Bhain na rannpháirtithe triail as lúibín dá gcuid féin a chumadh ina dhiaidh sin agus is iomaí gáire a chualathas sa seomra in Áras na nGael le linn na ceardlainne.
Tá AerachAiteachGaelach buíoch de Chathal Ó Curráin ó Oireachtas na Gaeilge a d’oibrigh le hEoin Mc Evoy chun an cheardlann a reáchtáil.
Bhuail na baill ó AAG a bhí tagtha anoir ó Bhaile Átha Cliath le Caoimhghín Ó hEoghusa agus Queercal na Gaillimhe an oíche sin i gClub Áras na nGael.