Kevin.jpg

Kevin Johnston (sé/é)

Is é Kevin Comhordaitheoir Ceardlann AerachAiteachGaelach.

Rugadh agus tógadh Kevin i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Tá BA sna Meáin Chumarsáide agus sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil Mhá Nuad, mar aon le MA sa Nua-Ghaeilge ón ollscoil chéanna, áit ar scrúdaigh sé féilte cheol comhaimseartha na Gaeilge ina thráchtas. Tá sé ag obair le Foras na Gaeilge ó 2018 i leith.

Tá an-spéis ag Kevin san amharclannaíocht agus chríochnaigh sé cúrsa páirtaimseartha bliana san aisteoireacht leis an Gaeity School of Acting le déanaí. Bíonn sé ag scríobh go minic i réimse leathan foirmeacha, agus foilsíodh saothair dá chuid in Comhar agus Nós. Is é Kevin a cheap sé agus a léirigh an Cluiche Snatch d’AerachAiteachGaelach le haghaidh Bhród 2021, agus is painéalaí rialta é ar Bhothán na bhFear ar Ráidió na Life.