Joe Simpson (sé/é)

Is teangeolaí é Joe a bhfuil spéis aige i stair agus sochtheangeolaíocht na dteangacha Ceilteacha. Tá PhD idir lámha aige in UCD a bhfuil comhréir stairiúil na Gaeilge mar ábhar ann.

Chomh maith lena chuid staidéar dochtúireachta, tá spéis aige san aistriúchán, i bpolasaí agus pleanáil teanga, sa bpolaitíocht bhunreachtúil agus i sochtheangeolaíocht na hinscne agus na féiniúlachta.

Tá Gaeilge, Breatnais agus Spáinnis ag Joe agus oibríonn sé mar intéirneach leis an Endangered Languages Project.

Bhí Joe ina aisteoir gutha sa dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise (2021) le Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy.