Bua ag AAG sna GALAS

Comhghairdeas ó chroí le baill uile AerachAiteachGaelach as an mbua a bhí ag an gcomharghrúpa Dé Sathairn, 7 Deireadh Fómhair. Tháinig an grúpa sa gcéad áit i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, éacht d'eagraíocht Ghaeilge agus iad san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre.

Bhí Eoin Mc Evoy agus Ciara Ní É (Comhstiúrthóirí), Stiofán Ó Briain (Rúnaí), Cúnla Ní Bhraonáin Morris agus Rút Ní Theimhneáin (Comhordaitheoirí Meán) agus Conall Ó Duibhir (Oifigeach Nuachta) ón gcoiste i láthair ag an imeacht mar aon le hAlan Walpole (príomhphearsa an dráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise) agus Erin Mac an tSaoir (a eagraíonn an Bál Aiteach le hEoin Mc Evoy gach bliain).

Comhghairdeas freisin le Bród na Gaeltachta as an duais a bhaint sa chatagóir Ócáid na Bliana. Is an-bhua do phobal na Gaeilge trí chéile é gur bhain dhá eagraíocht Ghaeilge duaiseanna sa chomórtas náisiúnta seo.

Previous
Previous

Gradam d’AAG i nGradaim na nDea-Chúiseanna

Next
Next

AAG ar ghearrliosta ghradaim na GALAS