Conall Ó Duibhir.jpg

Conall Ó Duibhir (sé/é)

Is é Conall Comhordaitheoir Nuachta AerachAiteachGaelach.

Is taighdeoir é Conall a bhfuil suim aige sa tsocheolaíocht agus cleachtas taighde idirdhisciplíneach. Tá céimeanna máistreachta aige san Inbhuanaitheacht ó Ollscoil Stockholm agus sna Daonnachtaí Digiteacha ó Ollscoil Linnæus sa tSualainn. Tá spéis aige i suíomh na Gaeilge agus na mionteangacha sna healaíona comhaimseartha agus teoiric choimeádaíochta.

Tá Conall tar éis cainteanna a thabhairt ar ‘Homanáisiúnachas: Stádas an Duine Aeraigh i Saol na Gaeilge’ ag Seimineár Dána 2021 (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) agus ‘Explorations towards Critical Irish-language Art’ ag an seimineár, ‘Politics, Affiliation and the Philosophy of Friendship’ (HDK-Valand, Göteborg & School of Visual Arts, Nua Eabhrach).