Gradam d’AAG i nGradaim na nDea-Chúiseanna

Kevin Johnston, Ciara Ní É, Eoin Mc Evoy, Conall Ó Duibhir agus Cúnla Ní Bhraonáin Morris ag Gradaim na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta. (Baill eile coiste: Rút Ní Theimhneáin, Seán Mac Dhonnagáin agus Stiofán Ó Briain).

Tá cluaisíní croí orainn gur bronnadh gradam na Gaeilge orainn i nGradaim na nDea-Chúiseanna ag an gCrannchur Náisiúnta!

Cuirfidh an duaischiste iontach €10,000 ar ár gcumas cónaitheacht a chur ar bun agus ceardlanna cruthaitheachta a reáchtáil do chainteoirí Gaeilge i réimse leathan ealaíon san athbhliain.

Ba é Eoin Mc Evoy a chuir isteach an t-iarratas thar ceann an ghrúpa agus a rinne an t-agallamh leis na moltóirí. Tá muid an-bhuíoch de na moltóirí as a muinín a chur i bhfís ár ngrúpa, agus den Chrannchur Náisiúnta as cabhrú linn an fhís sin a fhás leis an duais fhlaithiúil.

Bhronn Gráinne Seoighe agus Dáithí Ó Sé gradam chatagóir na Gaeilge ar AerachAiteachGaelach in Óstán Chill Uasaille (Killashee Hotel) Dé Sathairn, 21 Deireadh Fómhair 2023. Bhí sé go hálainn an oíche a chaitheamh leis na grúpaí eile ar fad a ainmníodh do na gradaim.

Is é a dúradh faoin ngrúpa:

"AerachAiteachGaelach have created a platform for Irish speaking artists who are LGBTQI+ to create and stage new work. The judges here commended this unique group for their innovative, future facing and inclusive approach that provides training, skills and audiences to artists who are gay/queer and gay/queer people who speak Irish."

Luaigh buaiteoirí Chatagóir na nEalaíon agus an Chultúir, Children’s Books Ireland, linn go raibh siad ag fanacht go mífhoighdeach le leabhar do pháistí a mbeadh téama aiteach aige.

Déanfar ceiliúradh ar an dá bhua a bhí ag AerachAiteachGaelach le deireanas ag Gala Aiteach na Nollag i gClub Chonradh na Gaeilge, Dé hAoine 15 Nollaig 2023. Foilseofar sonraí na cóisire go luath agus beidh fáilte roimh chách!

Previous
Previous

Coiste nua AAG ceaptha ag Oireachtas na Samhna

Next
Next

Bua ag AAG sna GALAS