Stiofán Ó Briain (sé/é)

Is é Stiofán Cisteoir AerachAiteachGaelach.

Is scéalaí, file, agus criticeoir liteartha é Stiofán Ó Briain. Tá PhD aige ó Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD. Teideal a thráchtais ná Fonn a Bheith sna Fir: Tógáil, Taibhiú agus Treascairt na bhFireannachtaí i nGearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain.

Is scéalaí ar an modh traidisiúnta é Stiofán. Cruthaíonn sé scéalta nua ag tarraingt ar ábhar ón mbéaloideas agus déanann aithris orthu de réir stíl na scéalaíochta traidisiúnta. Tá na scéalta suite i bpobal samhalta darb ainm Tulach na dTadhg. Déanann sé téamaí comhaimseartha a fhí trína chuid scéalta chun an traidisiún scéalaíochta a chur ag freagairt don saol reatha agus chun dúchasú a dhéanamh ar théamaí nár pléadh mórán go dtí seo sa litríocht bhéil.

Tá scéalta leis léirithe go proifisiúnta aige ag imeachtaí difriúla thar na blianta: Splanc: Féile Ealaíon Bhaile Átha Cliath 7 2025, Oíche Chultúir Ollscoil Mhá Nuad 2025, Féile Eagna agus Ealaíon Ollscoil Mhá Nuad 2025, Oíche Scéalaíochta AerachAiteachGaelach 2024 agus Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise 2020 agus 2021.

Rinne sé agallamh faoina chleachtas mar scéalaí agus d’aithris sé scéal ar An Cúinne Dána Raidió na Gaeltachta i mBealtaine 2025. Stiúir sé ceardlann ar an scéalaíocht thraidisiúnta i gcomhar le hAilbe van der Heide ag Féile AerachAiteachGaelach, mar chuid d’Fhéile Ealaíon na gCúig Lampa, ar an 11 Aibreán 2026.

Foilsíodh dánta dá chuid sna cnuasaigh seo a leanas: Boyne Berries 1916, Poetry Ireland Review 123, Scríbhneoirí Cois Teorann 5, agus Poetry Ireland Review 146. Iarradh air dánta a léamh ag Léacht Tionscnaimh Uachtarán UCD in 2023. Tá ceardlanna proifisiúnta ar ghnéithe éagsúla den scríbhneoireacht chruthaitheach déanta aige freisin le Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus le hAerachAiteachGaelach.

Tá páipéir acadúla ar ghnéithe éagsúla de nua-litríocht na Gaeilge tugtha ag Stiofán ag comhdhálacha in Éirinn agus thar lear.

Bhí sé ar na coistí a d’eagraigh Comhdháil Mhic Léinn na Ceiltise, comhdháil bhliantúil ilteangach idirnáisiúnta hibrideach le haghaidh scoláirí le léann na dteangacha Ceilteacha ó 2020-2025 agus ar an gcoiste a d’eagraigh Glór na dTaighdeoirí, comhdháil idirdhisciplíneach Ghaeilge le haghaidh scoláirí tríú leibhéal sa bhliain 2024.