Sean-nós ag Faoin Tuath
Ceardlann Amhránaíochta i gContae an Chláir
Bhí 36 duine LADTAIÉ+ chugainn ag ár dhá gceardlann amhránaíochta ag an bhféile Faoin Tuath i mí na Bealtaine agus iad ar bís chun cúpla amhrán ar an sean-nós a fhoghlaim.
Eoin Mc Evoy agus Jill McMahon a rinne an cheardlann thar ceann AerachAiteachGaelach agus mhúin siad ‘Dónall Óg’, ‘An Cailín Aerach’, ‘An Lacha Bhacach’ agus ‘An Poc ar Buile’ don slua, ag trácht freisin ar an ornáidíocht, ar na stíleanna éagsúla amhránaíochta, ar fheidhm an tsean-nóis sa tsochaí agus a ról sa saol aiteach freisin.
Is féile dhraíochtúil í Faoin Tuath a reáchtálann Queer Sheds in ionad Common Knowledge gach samhradh. Féile aiteach is ea í a gcuirtear ceardlanna éiceolaíochta, ceardlanna DIY agus ceardlanna ealaíon ar siúl lena linn.
Tá AerachAiteachGaelach an-bhuíoch as an gcuireadh gné den chultúr Gaelach agus de chleachtas AAG a chur leis an bhféile.
Ár mbuíochas le hAlbha Quigley as an ngrianghraf.