Ceardlann Filíochta le Laoighseach Ní Choistealbha
Bhí ceardlann álainn ag AAG leis an bhfile iomráiteach Laoighseach Ní Choistealbha ag tús na Bealtaine agus í ag oibriú le scríbhneoirí ár seisiún míosúil chun iad a chur ag cumadh dánta nua agus ag machnamh ar cheird na filíochta.
Bhí an plé tar éis na ceardlainne thar a bheith suimiúil freisin – céard eile a mbeadh coinne agat leis agus dream scríbhneoirí suimiúla istigh i seomra le chéile!
Is a bhuí le Scéim na Litríochta a chuirtear na seisiúin seo ar fáil agus is é Stiofán Ó Briain a reáchtálann na seisiúin thar ceann AerachAiteachGaelach.
Má chaill tú an seisiún seo, ná bí buartha! Beidh na seisiúin iontacha eile seo ag teacht aníos gan mhoill agus baill de chuid AerachAiteachGaelach á stiúradh:
💬 17/05 Comhrá idir Naoise Dolan agus Emma Ferrari Ní Chearúil maidir le bheith ag tiontú ar scríobh na Gaeilge ag ILFD
✍️ 18/05 Ceardlann Filíochta le Seirce Mhac Conghail ag ILFD
✍️ 21/05 Ceardlann Scriptscríbhneoireachta le Seán Mac Dhonnagáin ag ILFD
✍️ 02/06 Ceardlann Scríbhneoireachta le Sam Ó Fearraigh in Áras na Gaeilge