Jill Mc Mahon (sí/í)

Is í Jill Timire Chúige Mumhan AerachAiteachGaelach.

Is amhránaí í Jill leis an mbanna ceoil Bandia. Tá Bandia théis gigeanna a dhéanamh ag ócáidí ar nós Féile na Gealaí, Oireachtas na Gaeilge agus Electric Picnic.

Mar bhall den ghrúpa seo ní bhíonn deis ag Jill canadh amháin, ach aistriúchán a dhéanamh ar phopcheol go Gaeilge. I measc na n-amhráin atá aistrithe aici, is iad Dancing On My Own (Robyn) agus It’s Raining Men (The Weather Girls) na hamhráin is ansa léi.

Anuas ar amhránaíocht, is aoibhinn le Jill bheith ag scríobh, ag péintéireacht agus ag cumadh filíochta ó am go chéile.

Is as An Clár ó dhúchas í Jill. Tá sí ag cur fúithi in oirthear an chontae i láthair na huaire, áit ina a bhfuil sí páirteach le grúpa ceoldrámaíochta.