Ceardlanna AAG ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath
Beidh ceathrar ball de chuid AerachAiteachGaelach ar stáitsí éagsúla na Féile Idirnáisiúnta Litríochta i mBaile Átha Cliath (ILFD) an samhradh seo agus na healaíona Gaeilge á cur i lár an aonaigh acu ag trí imeacht éagsúla i gCearnóg Mhuirfean.
17 Bealtaine
‘Writing into Irish’: Naoise Dolan i gcomhrá le hEmma Ferrari
Ag tarraingt ar a dtaithí ar mhaireachtáil agus ar obair go hilteangach, scaipfidh an comhrá seo ó Éirinn go dtí an Iodáil agus níos faide i gcéin. Beidh an scríbhneoireacht eisfónach – ag scríobh i dteanga nach dúchasach duit í – ag croílár an chomhrá seo. Spreagtha ag scríbhneoirí ar nós Yoko Tawada agus Xiaolu Guo, déanann Dolan machnamh ar conas is féidir obair i ndara teanga a dhéanamh mar rogha ealaíonta, ag múnlú gutha agus stíl ar bhealaí nuálacha. Ach cad is brí leis seo i gcomhthéacs na Gaeilge? De réir mar a thagann níos mó scríbhneoirí chuig an nGaeilge mar dhara teanga, conas is féidir glacadh le cur chuige cruthaitheacha nua agus ról lárnach cainteoirí dúchais na nGaeltachtaí i gcothabháil na teanga á aithint ag an am céanna? Cuireann an ócáid seo dearcadh úr agus casta ar fáil ar scríbhneoireacht na Gaeilge inniu — agus fiafraíonn sí cad a d’fhéadfadh a bheith amach anseo.
I gcomhrá le hEmma Ferrari.
18 Bealtaine
Scríbhneoireacht Filíochta le Seirce Mhac Conghail
Is minic go ndéantar cur síos ar scríobh na filíochta ar nós gur draíocht nó spreagadh atá i gceist, in ionad toradh ar phróiseas rianúil. Sa cheardlann filíochta seo, déanfaimid plé ar mhodhanna éagsúla chun dán a scríobh agus a chur in eagar trí Ghaeilge, agus greim á choinneáil againn ar an spreagadh céanna sin.
Is scríbhneoir agus áisitheoir as Baile Átha Cliath iad Seirce Mhac Conghail. Scríobhann siad as Gaeilge agus as Béarla, agus foilsíodh a gcuid oibre i Howl New Irish Writing, Lesbian Art Circle, agus Blue Marble Review, i measc irisí eile. Is iar-Thoscaire Óg iad do Dublin Book Festival, agus is ball iad de AerachAiteachGaelach ó 2024.
21 Bealtaine
Scríbhneoireacht le haghaidh an Stáitse le Seán Mac Dhonnagáin
Faigh amach conas beocht agus brí a chur i do chuid carachtar, comhráite agus scéalta le haghaidh an stáitse sa cheardlann amharclannaíochta seo leis an scríbhneoir agus an aisteoir Seán Mac Dhonnagáin.
Is scríbhneoir agus aisteoir ó Bhaile Átha Cliath é Seán Mac Dhonnagáin. I measc na ndrámaí atá scríofa aige tá An Chos Eile agus Ar Snámh, a bhí ar stáitse i 2023 agus 2024. Tá duaiseanna liteartha Oireachtais buaite aige do dhrámaí stáitse, drámaí raidió agus úrscéalaíocht agus bhronn Amharclann an Taibhdhearc sparántacht Taibhsín air le déanaí. Is ball é Seán de AerachAiteachGaelach, comharghrúpa ealaíontóirí aiteacha atá ag obair trí mheán na Gaeilge.