Ceardlann Irisíní in UCD le Conall Ó Duibhir (AAG)

Chuaigh Conall Ó Duibhir ó AerachAiteachGaelach go campas UCD an 16 Meán Fomhair chun labhairt leis na scoláirí faoi fheidhm agus stair na n-irisíní agus chun iad a spreagadh le hirisín dá gcuid féin a chur le chéile.

Conall Ó Duibhir ag labhairt leis na scoláirí faoi chlár na ceardlainne

Thug Conall léargas dóibh ar thábhacht na n-irísíní i bpobail mhionlaithe agus imeallaithe, léirigh sé samplaí dóibh agus ansin d’iarr sé orthu dán dá gcuid féin nó dán le file eile a ghlacadh mar fhoinse inspioráide agus colláis a dhéanamh a d’fhreagródh é.

Ba iad príomhspriocanna an tseisiúin ná na scoláirí a chur ar an eolas faoi irisíní, iad a chur ag cruthú go gníomhach agus iad a spreagadh le hathbheochan a dhéanamh ar iris liteartha Ghaeilge UCD, Nua-Aois, a cuireadh amach sa mbliain 1970 den chéad uair ach nár foilsíodh ó 2015 i leith.

Chuir AerachAiteachGaelach an cheardlann seo ar fáil le cúnamh ó Scéim na Litríochta agus le tacaíocht ó Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD.

Next
Next

Campa Gaeltachta LADTAIÉ+ Chléire 2025