Caoimhghín Ó hEoghusa (sé/é)

Is Timire an Iarthair atá i gCaoimhghín Ó hEoghusa i mbliana ar choiste AerachAiteachGaelach. Cruthadóir, ealaíontóir, agus duine lúbthaí bródúil é Caoimhghín, arb as Luimneach ó dhúchas dhó ach atá lonnaithe anois i nGaeltacht Chonamara.

 Bíonn sé ag cruthú ábhar ar líne, agus é mar sprioc aige an Ghaeilge a chur in iúl do dhaoine ar bhealach spreagúil, suimiúil, intuigthe agus cruinn. Cuireann sé béim ar rudaí faoi chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta b’fhéidir nach bhfeiceann muintir na Galltachta.

 Is aisteoir é Caoimhghín chomh maith,  agus é tar éis stáitse na Taibhdheirce a shiúladh mar chuid do ‘Wáltsáil Abhaile’ – dráma le hAntoine Ó Flatharta faoi shaol Mhichíl Mhic Liammóir, drámadóir agus scríbhneoir aiteach Gaelach an chéid seo caite – agus páirteanna uilig na nOibrithe Collaí á dtaibhiú aige. Bhí an t-ádh air an dráma seo a chur ar siúl os comhair Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn é féin!

 Le deireanaí, chruthaigh Caoimhghín gearrscannán, “Normáilte”, mar chuid den taispeántas ‘50 Bliana de Bhród agus Agóid; An ghluaiseacht aiteach in Éirinn’, a d’eagraigh Cartlann Aiteach na hÉireann agus Bród na Gaeltachta. Nascann an scannán seo taithí an duine aitigh ag fásadh aníos, agus gluaiseacht aiteach na hÉireann le leathchéad bliana anuas.

 Bíonn Caoimhghín len’ aimsiú ar Ionstagraim agus ar TiocTac faoin lorgán: @kevin_ar_tuathal