Bród Chléire

D’eagraigh Ruairí Ó Donnabháin, pleanálaí teanga Oileán Chléire agus ealaíontóir, an chéad Bhród LADTA+ ar an oileán an 19 Lúnasa 2023. Chuir muintir an oileáin fáilte mhór roimh na cuairteoirí a d’fhreastail ar an bhféile.

Cuireadh tús leis an lá le seoladh áitiúil den Fhoclóir Aiteach agus Tadhg Mac Eoghain chugainn ó Bheirlín ar Zoom sa gTeic. Rinne Ruairí áisiú ar imeacht Tae agus Plé ina dhiaidh sin idir muintir an oileáin agus na cuairteoirí agus rinneadh plé ar na dúshláin atá roimh an bpobal aiteach – na hionsuithe a rinneadh ar na leabharlann le deireanas go háirithe – agus ar an gcaoi a raibh sé do dhaoine aiteacha de bhunadh an oileáin fás aníos ann agus teacht amach ann.

Agus an oíche ag titim ar an oileán, chuir Eoin Mc Evoy, Darragh Ó Caoimh, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin agus Julie Goo dánta dá gcuid i láthair an tslua tigh Chiaráin Danny Mike (CDMs) ag an gCeabairé Filíochta agus osclaíodh an t-ardán ina dhiaidh sin don slua. Chuala muid dánta i bhFraincis agus i nGaeilge, amhráin agus píosaí machnamhacha faoin aiteacht ó Léo, Sadhbh, NJ agus Rebecca. Cuireadh deireadh leis an oíche leis an Sing Along Social agus Irene (an ‘craic mechanic’!) ag baint spraoi as an lucht féachana agus dhár gcur ag damhsa. Ba é an chéad mhórshiúl a bhí acu ar an oileán riamh mar sin ná líne conga timpeall CDMs agus daoine ag casadh ‘I’m Coming Out’!

Lá agus oíche speisialta. Ár seasamh ar Ruairí a d’eagraigh.

Previous
Previous

AAG ar ghearrliosta ghradaim na GALAS

Next
Next

AAG ag Eisteddfod na Breataine Bige