Tadhg Mac Eoin i gcóta agus dealbh de chat ina lámha.

Tadhg Mac Eoghain (gan forainm nó sé/é nó siú/iú)

Is aistritheoir agus scríbhneoir iú Tadhg Mac Eoghain atá lonnaithe i mBeirlín, An Ghearmáin. Tá spéis ar leith aiciú sa tsochtheangeolaíocht, go háirithe an t-idirgníomhú idir féiniúlachtaí agus cúrsaí teanga. Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2021 ar Thadhg as an aiste ‘Foclóireacht, Aiteacht, Coimíneacht’ agus d’fhoilsigh siú an dara eagrán de An Foclóir Aiteach in 2022 chun téarmaíocht aiteach na Gaeilge a mhéadú agus a chur chun cinn. Bíonn Tadhg ag scríobh gearrfhicsin agus filíochta chomh maith nuair a bhuaileann an splanc inspioráide doibhiú.