Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin (sí/í)

Pictiúr Ghormfhlatha.JPG

Tá ceol agus Gaelainn fé staidéar ag Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá scoláireacht Quercus aici dos na Taibhealaíona Cruthaitheacha ó UCC (2019-am i láthair). Tá dhá dhioplóma aici i dtaibhiú an phianó chlasaicigh: LLCM (Licentiate of the London College of Music) agus ALCM (Associate of the London College of Music). Tá mórán buaite agus bainte aici ar an bpianó ag comórtaisí agus féilte éagsúla, agus máistir-ranganna fachta aici ón seinnteoir cáiliúil pianó John O’Conor.

Is feadógaí í, agus duaiseanna bainte aici do na poirt mheara agus na foinn araon ag Fleadh Cheoil na hÉireann, chomh maith le gradam Dhónail ‘Doc’ Gleeson (2020), agus scoláireacht Chomhaltais Cheoltóirí Éireann ó UCC (2020). Is amhránaí ar an sean-nós í, agus bhuaigh sí Fleadh Cheoil na hÉireann Amhránaíocht ar an Sean-nós Mná 15-18 sa bhliain 2019. D’fhoghlaim sí an fheadóg agus an amhránaíocht araon óna máthair, Tríona Ní Shíocháin. Bíonn fonn rince seite i gcónaí ar Ghormfhlaith agus níl sárú le fáil ar pholcaí agus sleamhnáin dar léi!

Is file agus scríbhneoir í Gormfhlaith leis. Is breá léi a bheith ag cumadh dánta, drámaí, agus gearrscéalta, agus baineann sí taitneamh as seana-mheadarachtaí na Gaelainne agus téamaí a bhaineann le corpas luath na Gaelainne, an Fhiannaíocht go háirithe. Tá sí ina ball d’Ó Bhéal na mBan, grúpa mac léinn a chuireann filíocht na mban sa Ghaelainn ó gach ré chun cinn. Bhain a dán ‘Sa Choill’ an tarna háit ag an Oireachtas sa chomórtas Dán fé 21 i 2020. Fuair sí an tarna háit i gComórtas AerachAiteachGaelach agus Cumann Gaelach TCD lena gearrscéal, ‘Turas Taxi’ i 2021. Tá sí tar éis a cuid filíochta a aithris ar Raidió na Gaeltachta. Bhí sí ina Cathaoirleach ar an gCumann Drámaíochta UCC agus tá ana-thaithí aici ar an ndrámaíocht. Bhí sí ina haisteoir in Faoi Dheireadh Thiar le Joe Steve ó Neachtain (2020) agus Fáilte Romhat a Mháirtín le Brian Ó Baoill (2019) leis an gcumann, agus stiúraigh sí Rogha gach Díogha le hAlan Titley agus Cruachás le Celia de Fréine, dhá dhráma raidió a chraolfar ar Raidió na Gaeltachta i mí Lúnasa 2021. Is í a scrígh an scriopt don tsraith gearrscannán, Rún ar Zúm, don gcumann, agus bhí sí ina leas-stiúrthóir ar an dtogra céanna (2021).