Cluiche Snatch 2026

Kim Kardashian, Caitríona Pháidín, Cruella de Vil, Finnzer Mac Cumhaill agus Nadine Coyle a bhí againn ag Cluiche Snatch 2021 agus bhí muid ar bís agus muid ag bualadh isteach in Annesley House an 11 Aibreán le haghaidh Chluiche Snatch 2026 le fáil amach cé na carachtair chraiceáilte a bheadh romhainn.

Níor chuir iomaitheoirí 2026 soicind díomá orainn agus cad é gáire a bhain siad asainn!

  • Lady Gaga (Louisa Ní Éideáin)

  • Catherine Connolly (Oisín Mistéil)

  • Ian Paisley (Cúán de Búrca)

  • Dolly Parton (Jade Pepper)

  • Mícheál Ó Muirchear-Taig (Colm Mac Gearailt)

Bhí 80 i láthair le breathnú ar an gcúigear iomaitheoirí agus Anna Ard (ris a ráitear Kevin Johnston) s’againn féin ar an ardán agus í ag cur na gceisteanna orthu.

Bhí an caighdeán iontach ard agus ba dheacair ar na moltóirí Conall Ó Duibhir agus Pádraig Ó Cuinneagáin ó AerachAiteachGaelach buaiteoir a roghnú ach bronnadh an duais mhór sa deireadh ar Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly (Oisín Mistéil). Comhghairdeas leat a Oisín!

Lady Gaga, Catherine Connolly, Ian Paisley, Anna Ard/Kevin Johnston (bean an tí, AAG), Dolly Parton, Mícheál Ó Muirchear-Taig, Anne Aithnid/Conall Ó Duibhir (moltóir, AAG) agus Pádraig Ó Cuinneagáin (moltóir, AAG).

Eagraíodh Cluiche Snatch 2026 mar chuid d’Fhéile AerachAiteachGaelach @ Féile na gCúig Lampa le cúnamh ó Scéim na bhFéilte (Foras na Gaeilge).

Dé Sathairn, 11 Aibreán @ 8pm

Is comórtas spraíúil grinn é an Cluiche Snatch (bunaithe ar an 'Snatch Game' ó RuPaul's Drag Race) ina ngléasann rannpháirtithe mar dhaoine cáiliúla agus ina bhfreagraíonn siad ceisteanna éadroma seafóideacha.

Bainfidh an t-iomaitheoir is fearr duais €300!

Labhair le aerach.aiteach.gaelach@gmail.com le dul san iomaíocht tú féin.

Gabhaimid ár mbuíochas le Foras na Gaeilge agus le Five Lamps Festival as an tacaíocht.

Previous
Previous

Uafás Aiteach Gaelach!

Next
Next

Ceardlann Filíochta ag Féile AAG