Tháinig deireadh leis an bhfeachtas tiomsaithe airgid seo 19 Iúil 2021.
Tá comhbhunaitheoirí AAG, Eoin agus Ciara, ag obair ar léiriú úrnua amharclannaíochta a bheidh ar chlár fhéile mhór ealaíne i mí Mheán Fómhair. Beidh siad ag comhoibriú le healaíontóirí eile ón gcomharghrúpa ar an leiriú idirdhisciplíneach seo a bhfuil téama aiteach leis - ní ceadmhach dúinn tuilleadh a rá faoi go fóill ach scaoilfear tuilleadh sonraí ar ball!
Beimid ag tiomsú airgid don léiriú go dtí Dé Luain 19 Iúil. Cuirfear ainmneacha uile ár dtacóirí i gclár an léirithe agus beimid buíoch go deo díbh!
Is é an chaoi is éasca le síntiús a sheoladh chugainn ná trí PayPal: https://www.paypal.com/paypalme/miseciara
Ach is féidir linn ár IBAN a thabhairt duit freisin nó is féidir Revolut a úsáid más fearr leat sin. Bí i dteagmháil! aerach.aiteach.gaelach@gmail.com
Má tá bealach éigin eile ann ar mhaith leat an t-airgead a thabhairt dúinn, abair linn é! Is as na leathphinginí a thagann na pinginí, agus beimid sásta le síntiúisí idir bheag agus mhór!
Mura bhfuil airgead le tabhairt agat, ach más maith leat tacú leis an léiriú i mbealach eile, coinnigh súil ar ár leathanach Twitter @AerachG. Is cinnte go mbeimid ag déanamh go leor iarratas ar chúnamh sna míonna atá amach romhainn!