AerachAiteachGaelach ar Nationwide
Bhí muid ar an teilí!
Bhuail Zainab Boladale ó fhoireann Nationwide isteach chuig ár gcuid damhsóirí i halla Fhoras na Gaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, agus craoladh an mhír faoi AerachAiteachGaelach ar RTÉ1 an 2 Márta 2026.
Labhair áisitheoir na ranganna seit, Patricia Ní Bhroin, le Zainab faoin gcur chuige a ghlacann sí sna ranganna le cinntiú go mbíonn na treoracha neodrach ó thaobh inscne de, agus na téarmaí ‘dair’, ‘saileach’, ‘daracha agus saileacha’ á n-úsáid aici in ionad ‘ladies and gents’.
Bhuail AAG le Patricia den chéad uair le linn Champa Samhraidh LADTAIÉ+ Chléire i 2024 agus tá sí tar éis cur go mór lenár gclár imeachtaí ó shoin i leith agus í ag eagrú rang damhsa seit dúinn uair sa mí i mBaile Átha Cliath. Bhronn muid Comhghuaillí na Bliana ar Patricia ag ár Móroíche Scéalaíochta i Músaem Litríochta na hÉireann i 2025 as a cuid tacaíochta go léir.
Cuireadh agallaimh freisin ar chomhbhunaitheoirí AAG, Ciara Ní É agus Eoin Mc Evoy (an Stiúrthóir reatha); ar ár gCisteoir Stiofán Ó Briain; ar ár mbaill Alan Walpole (príomhphearsa ár ndráma Idir Mise agus Craiceann do Chluaise i 2021) agus Tarah Fitzgerald; agus ar Anna Davitt ó Fhoras na Gaeilge, a chuireann an spás ar fáil dúinn le haghaidh na gceardlann damhsa.