Seisiúin Scríbhneoireachta 2026
An bhfuil smaoineamh agat le haghaidh dáin, gearrscéil nó scripte?
Buail isteach chuig halla Fhoras na Gaeilge (66 Sráid Amiens) idir 18:00-20:00, an chéad Mháirt de gach mí, agus tabhair faoi do chuid tionscadal scríbhneoireachta i spás ciúin, réchúiseach le scríbhneoirí eile.
Beidh an deis ann do shaothar a phlé le daoine eile freisin, más mian leat.
Ní bheidh áisitheoir linn ag gach aon seisiún ach, nuair nach mbíonn, cuirfidh Stiofán Ó Briain leideanna scríbhneoireachta ar fáil ar pháipéar d’aon duine atá sa tóir ar splanc inspioráide!
Beidh fáilte mhór roimh scríbhneoirí Gaeilge de gach cineál, idir aiteach agus díreach, ag gach seisiún.
Más maith leat dul isteach i ngrúpa WhatsApp na scríbhneoirí, cuir scéal chuig ár Rúnaí Joe Simpson ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com agus cuirfidh ár Stiúrthóir Eoin Mc Evoy leis tú.