Comhdháil Aiteach 2026 - Glao ar Pháipéir Acadúla agus Léirithe Ealaíon

Comhdháil Aiteach 2026: 18 Meitheamh, UCD

Is cúis mhór áthais é do Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus AerachAiteachGaelach dul i gcomhpháirt le chéile agus a fhógairt go mbeidh Comhdháil Aiteach á reáchtáil acu i Meitheamh 2026.

Beidh an chomhdháil ar siúl ar an 18 Meitheamh 2026 in Amharclann an Trapdoor, Foirgneamh Newman, Campas Belfield, UCD.

Tá neart taighde ar bun faoi láthair i réimse na haiteachta agus is mian linn an deis a thabhairt do thaighdeoirí, ealaíontóirí agus taibheoirí a gcuid taighde agus saothar a chur os comhair an phobail. Chonacthas borradh faoin réimse sin le os cionn 10 mbliana anuas, faoi mar a léiríonn drámaí arna léiriú ag AerachAiteachGaelach, staidéar ar theoiric na haiteachta, an téarmaíocht aiteach, foclóirí aiteacha, an fhilíocht, taighde sochtheangeolaíochta, léirithe agus go leor eile nach iad.

Is é is aidhm don chomhdháil seo ná an t-eispéireas aiteach a chíoradh agus a chur i láthair ar bhealach a chuimsíonn an ealaín agus an taighde acadúil araon.

Reáchtálfar an chomhdháil seo trí mheán na Gaeilge agus beifear ag súil leis go ndéanfar na painéil agus léirithe as Gaeilge. Tá sé mar rún againn ateangaireacht go Béarla a chur ar fáil ar an lá don lucht féachana.

Cláraigh le freastal ar an gComdháil

Cuir isteach páipéar acadúil nó léiriú ealaíon ar an gcomhdháil

Cuirfidh lucht eagrúcháin na comhdhála fáilte roimh pháipéir acadúla nó chruthaitheacha, agus píosaí ealaíne, a bhaineann leis na téamaí seo a leanas ach nach bhfuil teoranta dóibh seo amháin.

Páipéir a phléann leis na téamaí seo a leanas:

  • Ról na mban i scéal aiteach na Gaeilge / na hÉireann

  • Aon taighde ar ábhar a bhaineann le pobal LADTA+

  • Taighde ar shaothair litríochta de chineál ar bith a phléann le téamaí aiteacha

  • Taighde foclóireachta, téarmaíochta, aistriúcháin nó corpais a phléann le ceist na haiteachta

  • An drámaíocht aiteach

  • Forainmneacha agus an Ghaeilge

  • An tsochtheangeolaíocht agus an aiteacht

  • Oideachas na Gaeilge agus an aiteacht

  • An aiteacht sa bhéaloideas

Íocfaidh AerachAiteachGaelach na healaíontóirí a nglacfar le léirithe uathu.

Léirithe nó píosaí ealaíne den chineál seo:

  • Léamh filíochta

  • Drámaí / plé ar dhrámaí aiteacha

  • Aistí a phléann le téamaí nó topaicí aiteacha

  • Amhráin agus an aiteacht

  • Léirithe damhsaí

  • Monalóga

  • An aiteacht sna meáin nó sa scannánaíocht

  • Grianghrafadóireacht aiteach

  • Péintéireacht nó aon fhoirm ghrafach eile

Bheimis buíoch díot ach blurba 150-200 focal a chur chugainn a dhéanfaidh cur síos ar an bpáipéar taighde nó an píosa ealaíne roimh an 31 Márta 2026 chuig jamie.murphy@ucd.ie.

Sa chás go mbeidh ceist agat maidir le píosa taighde nó ealaíne a bheith feiliúnach, is féidir teagmháil neamhfhoirmeálta a dhéanamh linn ag an seoladh ríomhphoist céanna roimh ré.

Cuirfimid na hiarrthóirí ar an eolas faoi cé acu a glacadh nó nár glacadh leis an aighniú faoi lár mhí Aibreáin ar a dhéanaí.

Next
Next

Pictiúir ón Oíche Scéalaíochta