Seisiúin Scríbhneoireachta 2025
Spás agus am an dá rud is mó a bhíonn ag teastáil ó gach scríbhneoir agus ní miste comhluadar daoine eile a bheith acu le hiad a choinneáil dírithe ar na spriocanna a leagann siad amach dóibh féin.
Sna seisiúin seo, tiocfaidh scríbhneoirí Gaeilge le chéile le dul i mbun pinn ar a gcuid tionscadal féin nó i dtionscadail chomhpháirteacha le scríbhneoirí eile.
Seisiún míosúil is ea é seo. Beidh aoi-áisitheoirí chugainn i gcuid de na seisiúin.
Sceideal:
3 Meitheamh
8 Iúil
5 Lúnasa
2 Méan Fómhair
7 Deireadh Fómhair
4 Samhain
10 Nollaig
Is faoi choimirce AerachAiteachGaelach atá an tsraith seo seisiún á reachtáil ach tá fáilte roimh aon scríbhneoir le Gaeilge agus ní gá go mbeadh duine LADTAIÉ+ le bheith linn. Cuirfear fáilte chroíúil roimh chách.
Tá Foras na Gaeilge ag tacú leis an tsraith seo trí Scéim na Litríochta, rud a fhágann gur féidir linn na ticéid a chur ar fáil saor in aisce.
Is é Oisín Ó Dubhshláine ó AerachAiteachGaelach atá ag riar na seisiún seo.