Rath ar AAG i Scéim na Litríochta 2025
Tá maoiniú bronnta ag Foras na Gaeilge ar AerachAiteachGaelach faoi Scéim na Litríochta arís i mbliana. Cuirfidh an maoiniú ar chumas an ghrúpa:
na seisiúin rialta scríbhneoireachta agus aiseolais a atosú,
grúpaí léite saothar aiteach a thabhairt le chéile in áiteanna timpeall na tíre,
ceardlann a chur ar fáil ar stair agus ceird na n-irisíní agus
móroíche scéalaíochta a reáchtáil chun litríocht aiteach na Gaeilge a chur ar na súile don phobal.
Beidh Oíche Scéalaíochta 2025 ar siúl i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) ar Fhaiche Stiabhna Dé Luain, an 1 Nollaig 2025.