Ceardlann chianachló

Thug an t-ealaíontóir cumasach Louis Haugh cuireadh do ghrúpa beag ó AerachAiteachGaelach teacht chuig a stiúideo cónaithe i dTeach Bád Loch Sionnaigh ag tús mhí Aibreáin le labhairt leo faoi phróiseas agus stair an chianachló agus le léiriú dóibh conas tabhairt faoi chiarsúr aiteach dá gcuid féin a dhéanamh.

Is próiseas é an cianachló a tháinig chun cinn ag deireadh an 18ú haois agus a úsáideadh chun gormchlónna (blueprints) a tháirgeadh.

Tá muid an-bhuíoch de Louis as an gceardlann iontach.

Previous
Previous

Rath ar AAG i Scéim na Litríochta 2025

Next
Next

Catagóirí Bhál Aiteach 2025 fógartha