Pictiúir ón Oíche Scéalaíochta

Pictiúir le hElena Horgan

Bhí slua 70 duine i láthair ag Oíche Scéalaíocht AerachAiteachGaelach i Músaem Litríochta na hÉireann (MoLI) an 2 Nollaig 2025. Chuala muid amhráin, dánta, píosaí próis agus plé ar chleachtas ó na healaíontóirí i nGaeilge agus bhí beirt fhilí chugainn ó Albain chun dánta Gàidhlig a roinnt linn.

Seoladh AiteachCuèir, irisín nua AerachAiteachGaelach, ag an ócáid freisin agus bhí an deis ag an lucht féachana leabhair aiteacha a cheannach ón Siopa Leabhar. Tá cóipeanna den irisín le fáil ón Siopa Leabhar, más mian leat cóip a fháil duit féin.

Bhí na healaíontóirí seo a leanas le feiceáil ar an stáitse:

  1. Emma Ní Chearúil (amhránaíocht/filíocht)

  2. Caitríona Ní Eireamhóin (scéalaíocht)

  3. Louis Haugh (plé ar a chleachtas ealaíne)

  4. Naoise Dolan (filíocht)

  5. Stiofán Ó Briain (seoladh an irisín AiteachCuèir)

  6. Mia Suhaimi (filíocht)

  7. Ian Mac Gabhann (amhránaíocht)

  8. Marcas Mac an Tuairneir (filíocht)

  9. Ciara Ní É (scannánaíocht)

Bronnadh gradam Chomhghuaillí na Bliana ar Patricia Ní Bhroin

Tá muid buíoch de Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD agus de Scéim na Litríocht (Foras na Gaeilge) as tacú leis an ócáid.

Next
Next

Ráiteas ó choiste AAG faoi chomórtas IS Údarás na Gaeltachta