Ráiteas ó choiste AAG faoi chomórtas IS Údarás na Gaeltachta

Is mian le coiste AerachAiteachGaelach a mhíshástacht a chur in iúl i leith an chomórtais ‘Togra Scéalaí’ le hÚdarás na Gaeltachta, a iarrann ar rannpháirtithe uirlisí intleachta saorga (IS) a úsáid chun físeáin ‘chruthaitheacha’ a ghiniúint. Tá pobal na n-ealaíon trí chéile corraithe mar gheall ar an tionchar diúltach atá an intleacht shaorga a imirt ar a gceird agus creidimid go láidir nár cheart d’Údarás na Gaeltachta ná aon ghrúpa eile uirlisí IS a chur chun cinn i réimse na scannánaíochta ná in aon réimse ealaíne eile.

Is próiseas í an chruthaitheacht seachas táirge. Adhntar an próiseas sin i gcroí an duine dhaonna agus múnlaíonn machnamh, scileanna agus pearsantacht an ealaíontóra é. Conaímis an chruthaitheacht sin. Tá impleachtaí móra, diúltacha ag baint leis an intleacht shaorga faoi mar a bhaineann sí le cumas an duine smaoineamh go neamhspleách agus le cruthaitheacht an duine, agus is ábhar mór buartha freisin é an brú a chuireann úsáid na hintleachta saorga ar an timpeallacht. Is lag agus is leisciúil í an argóint go bhfuil an intleacht shaorga ann agus dá bharr sin gur cheart do shaol na Gaeilge í a úsáid, go háirithe i réimse na n-ealaíon. 

Tá ár gcuid ealaíontóirí cruthaitheach agus cumasach agus is iad, thar aon dream eile, a mheallann an pobal i dtreo na Gaeilge agus a éilíonn orainn ar fad smaoineamh faoin saol i mbealach níos doimhne. Cuireadh an tÚdarás agus grúpaí eile a muinín iontu agus íocadh siad i gceart iad as na hiontaisí a chuireann siad ar fáil don saol Fódlach. Ná bítear ag plé leis an mbearna sna hacmhainní trí uirlisí IS a fhorbairt a ghlacfas a n-ionad.

Is fúinne atá sé, mar dhaoine, smaoineamh faoin gcineál domhain ar mhaith linn maireachtáil ann, faoi na luachanna ba mhaith linn a chosaint agus faoin gcaoi ar mhaith linn tacú lenár gcuid ealaíontóirí agus a gcuid cúinsí maireachtála a fheabhsú dóibh. Ba cheart dúinn oibriú i dtreo fhíorú na físe sin agus cur in aghaidh rudaí a chuireann an fhís sin ó rath. Tá an intleacht shaorga i measc na rudaí a bhainfidh níos mó dár gcuid ealaíontóirí ná mar a thabharfaidh siad dóibh.

Ná ligimis na maidí, an churrach agus a bhfuil inti de dhaoine daonna le sruth díreach mar gheall go bhfuil comhlachtaí teic ar bís faoina mbréagán is deireanaí. Molaimid go láidir dár gcuid ealaíontóirí agus d’ealaíontóirí nach iad baghcat a dhéanamh ar chomórtas Údarás na Gaeltachta, ‘Togra Scéalaí’.

Next
Next

AAG ag an Oireachtas i mBéal Feirste