AAG ag Oireachtas na Gaeilge
Beidh trí imeacht ag an bpobal LADTAIÉ+ ag Oireachtas na Samhna 2026 i gCill Airne. Deis a bheidh sna himeachtaí sin go léir bualadh le cainteoirí Gaeilge LADTAIÉ+ eile atá ag cur fúthu ar fud an oileáin agus thar lear agus fáil amach faoina bhfuil ar siúl ag an bpobal.
AN QUEERCAL COMHRÁ
Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair, 21:00
Is grúpa sóisialta é an Queercal Comhrá le haghaidh cainteoirí Gaeilge LADTAIÉ+. Tá grúpaí i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste, sa Bhruiséil, i gCo. an Chláir, i gCorcaigh, i nDoire, i nGaillimh, i Londain, i Luimneach, i bPort Láirge agus i Sligeach! Buailfidh muid ar fad le chéile ag an Oireachtas. Tar agus cuir tú féin in aithne dúinn! Arna eagrú ag AAG agus an Queercal Comhrá.
Ionad: Badb, thíos staighre i mbeár Óstán Brehon.
*
CRUINNIÚ PLEANÁLA LEIS AN bPOBAL LADTAIÉ+
Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, 15:00
Ag an gcruinniú seo pléifidh muid na dúshláin atá romhainn mar phobal, na tosaíochtaí atá againn agus an fhís atá againn den todhchaí. Beidh ionadaithe ó AerachAiteachGaelach agus na Queercail éagsúla i láthair le héisteacht le mianta an phobail, le réitigh ar chuid de na dúshláin a phlé agus le labhairt faoi dheiseanna comhoibrithe agus fáis. Arna eagrú ag AAG.
Ionad: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon
*
CRUINNIÚ CINN BLIANA AerachAiteachGaelach
Dé Sathairn, an 31 Deireadh Fómhair, 16:00
Tiocfar le chéile ag an gCruinniú Cinn Bliana chun plé a dhéanamh ar bhuaicphointí na bliana, eolas faoi chuntais na heagraíochta a léiriú agus coiste 2027 a cheapadh. Fógrófar buaiteoir an chomórtais scríbhneoireachta UafásAiteachGaelach ag an gCruinniú Cinn Bliana freisin!
Tá fáilte is fiche roimh ár mbaill uilig agus roimh éinne a bhfuil spéis acu bheith páirteach in AAG! Cuir scéala chugainn más spéis leat páirt a ghlacadh in eagrúchán an chomharchumainn. Tá cead ag gach ball rún a rith ag an CCB freisin ach é a sheoladh chugainn ar a laghad seachtain roimh an CCB (roimh an Satharn, an 24 Deireadh Fómhair). Ná bíodh drogall ort aon cheist a chur orainn mar gheall ar fheidhmiú an Choiste!