Córas aiseolais le haghaidh scríbhneoirí Gaeilge
Córas Aiseolais AerachAiteachGaelach
Tá an-áthas orainn a fhógairt go mbeidh an t-údar iontach Áine Ní Ghlinn sásta aiseolas scríofa a chur ar fáil do scríbhneoirí Gaeilge ar baill iad de chuid AerachAiteachGaelach.
Seol píosa leat chugainn ag aerach.aiteach.gaelach@gmail.com más mian leat aiseolas a fháil. Dánta, gearrscéalta nó píosaí drámaíochta, gan iad a bheith rófhada.
Is é an spriocdháta chun píosaí a chur chugainn ná an 14 Meán Fómhair. Tabhair do d’aire go bhfuil na spásanna teoranta.
Tá muid buíoch as an tacaíocht ó Scéim na Litríochta.