Seisiún scríbhneoireachta le Naoise Dolan

Foghlaim faoi cheird na scríbhneoireachta ón údar gradamach agus gníomhaí teanga agus pobail, Naoise Dolan.

Is úrscéalaí, file, agus gníomhaí í Naoise Dolan as Baile Átha Cliath.

Bhain sí céim amach sa Bhéarla i gColáiste na Tríonóide agus máistreacht sa litríocht Victeoiriach ó Ollscoil Oxford. Bhain sí cáil amach lena húrscéalta, Exciting Times (2020), agus The Happy Couple (2023). Bhí a cuid saothar ar fhadliostaí agus ar ghearrliostaí i gcomhair go leor gradaim dhifriúla, mar atá, Gradaim Leabhair Éireann, Duais Dylan Thomas, Duais na mBan don Fhicsean, agus Duais d'Úrscéal na Bliana ag Kerry Group. Scríobhann sí aistí pearsanta agus tuairimíochta in irisí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus tá sí an-ghníomhach sa ghluaiseacht ar son shaoirse na bPalaistíneach agus ar son pobail mhionlaithe eile.

Sa seisiún speisialta seo, labhróidh Naoise linn faoi cheird na scríbhneoireachta agus a taithí mar scríbhneoir.

Táimid thar a bheith buíoch d'Fhoras na Gaeilge as tacú leis an seisiún seo trí Scéim na Litríochta.

Previous
Previous

Ceardlann ar an gCartlannú Aiteach le Tonie Walsh

Next
Next

AAG ag Oireachtas na Gaeilge