Féile AAG ag Five Lamps Festival 2026
Tá gliondar orainn páirt a ghlacadh i bhFéile na gCúig Lampa i mbliana. Beidh féile dhá lá ag AerachAiteachGaelach laistigh den fhéile mhór agus 6 cinn d’imeachtaí spraíúla, cultúrtha, aiteacha againn. Is é ár Stiúrthóir, Eoin Mc Evoy, atá ag léiriú na féile.
Tá €10 ar gach imeacht aonair nó is féidir TICÉAD FÉILE a fháil ar €50 (€40 le haghaidh bhaill de chuid AAG). Leis an ticéad féile, gheobhaidh tú bealach isteach i ngach ceann de na sé imeacht iontacha atá pleanáilte againn.
Mura ball tú le hAerachAiteachGaelach, smaoinigh ar bhallraíocht a ghlacadh linn. Tá fáilte roimh chách, idir aiteach agus díreach, agus cabhraíonn gach síntiús linn. Níl air ach €10 mar sin dhéanfadh tú do chuid airgid ar ais láithreach!
Dé Sathairn, 11 Aibreán 2026
Filíocht le Ciara Ní É ag 11amCeannaigh ticéad €10
nó
Úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.
Scéalaíocht le hAilbe van der Heide agus Stiofán Ó Briain ag 1pmCeannaigh ticéad €10
nó
Úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch de Scéim na Litríochta as tacú leis an gceardlann seo.
An Cluiche Snatch ag 8pmCeannaigh ticéad €10
nó
Úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Mura dtuigeann tú céard é an Cluiche Snatch, caith súil ar Chluiche Snatch 2021 ar YouTube.
Is féidir tú féin a chlárú mar iomaitheoir más mian leat tríd an bhfoirm seo.
Dé Domhnaigh, 12 Aibreán 2026
Amhránaíocht le Séamus Ó Flatharta ag 12 nóinCeannaigh ticéad €10
nó
Úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.
Cum Amhrán Nua le SexyTadhg ag 2.30pmCeannaigh ticéad €10
nó
Úsáid do thicéad deireadh seachtaine
Tá muid an-bhuíoch d’Oireachtas na Gaeilge as tacú leis an gceardlann seo.
Damhsa Seit trí Ghaeilge agus Brazilian Funk trí Phortaingéilis ag 6pmClár Fhéile AerachAiteachGaelach, 11-12 Aibreán 2026