Ceardlann Chorcaí: Corp agus Glór
Bhí lá agus oíche den scoth againn i gcathair Chorcaí i mí na Bealtaine agus Julie Goo agus Irene Ní Mheara i mbun ceardlainne linn ar an Qi Gong agus an glór.
Is cleachtadh sláinte é an Qi Gong a théann i bhfad siar i gcultúr na Síne. Ceanglaítear gluaiseacht, anáil agus machnamh le chéile sa chleachtas. Cé gur gluaiseacht shéimh atá i gceist, tógann sé ar neart agus feidhm an choirp, agus neartaítear an ceangal idir chorp agus mheon tríd. Tá Qi Gong á chleachtadh ag Julie Goo le seacht mbliana anuas, agus ba bhreá léi blaiseadh de a thabhairt do dhaoine, agus leideanna a thabhairt dóibh maidir le conas gur féidir leo tairbhe a bhaint as. Tá fáilte roimh chách, agus tá Qi Gong in oiriúint do gach éinne, beag beann ar chumas fisiciúil.
Is léachtóir gutha agus aisteoireachta í Irene Ní Mheara ag MTU Scoil Cheoil Chorcaí ar an BA Musical Theatre & Theatre & Drama. Sa cheardlann seo, díreoidh sí ar scileanna practiciúla maidir le conas labhairt agus sinn féin a chur in iúl níos soiléire - ar an stáitse agus go ginearálta sa ghnáthshaol. Beidh an cheardlann bunaithe ar an nguth agus beidh cleachtaí ar an tsláinte gutha, ar an téamh suas agus ar bheith ag obair le téacs os ard. Tá an cheardlann dírithe ar chách a bhfuil suim acu sa ghuth, conas an guth a chothú agus an ceangal idir an guth agus an corp a neartú. Is feidir leis na rannpháirtithe píosa téacs a thabhairt leo más mian leo.
Gabhann AerachAiteachGaelach ár mbuíochas leis an gCiste Spreagtha as tacú leis an imeacht seo.
Íomhánna @bayviewmedia