Ceardlann Filíochta ag Féile AAG

Is le ceardlann filíochta le Ciara Ní É a chuir muid tús le Féile AerachAiteachGaelach mar chuid d’Fhéile na gCúig Lampa Dé Sathairn, an 11 Aibreán. Bhí 6 cinn d’imeachtaí ealaíne ag AAG mar chuid den fhéile agus ghlac 100 duine páirt sna himeachtaí sin.

Bhí Jane McWilliams ó Mheon Eile linn chun taifead a dhéanamh ar an gceardlann filíochta i Siopa Carthanachta Sue Ryder, suíomh an-suimiúil le haghaidh ár gceardlann ar an bhfilíocht agus an scéalaíocht, agus labhair sí le Stiúrthóir agus Comhbhunaitheoir AAG, Eoin Mc Evoy, faoin bhféile trí chéile agus le Comhbhunaitheoir AAG, Ciara Ní É, faoin gceardlann a chuir sí ar fáil do na rannpháirtithe.

Is le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge a reáchtáil AAG na ceardlanna cumadóireachta agus amhránaíochta ar chlár na féile.

Previous
Previous

Uafás Aiteach Gaelach!

Next
Next

Cluiche Snatch 2026