An Bál Aiteach: Ticéid ar díol

Ealaín: Ciarán Keenan

Tóg amach an gunna gliú, buail isteach chuig an siopa carthanachta áitiúil agus réitigh d’fheisteas, mar seo chugainn Bál Aiteach 2025!

Is é an Bál Aiteach an t-imeacht pobail is glioscarnaí, is spraíúla agus is cruthaithí sa mbliain le haghaidh phobal aiteach na Gaeilge.

Cuirfidh muid fáilte romhaibh ón 18:00 ar aghaidh, imreoidh muid cluichí spraíúla le tús a chur le himeachtaí an tráthnóna agus beidh fear an tí, Darragh Ó Caoimh, linn ansin le haghaidh an Bháil féin agus muid ag glacadh inspioráide ó na báil in Harlem sna 1980idí.

Gléasfaidh daoine de réir catagóire:

  • Belle Feirste

  • Táin Hoe

  • Camp-áil Féile

  • Gaybhlóid na hÉireann

Beidh duais ar luach €100 i gceist don fheisteas is fearr i ngach catagóir. Roghnóidh gach buaiteoir a nduais féin ó Eolaire Údarás na Gaeltachta chun go rachaidh an t-airgead ón imeacht i dtreo phobal na Gaeltachta.

Is ceiliúradh é an Bál Aiteach ar an gcultúr aiteach agus ar an nGaeilge agus cruthaíonn sé atmaisféar cuideachtúil tacúil le gur féidir le daoine iad féin a chur in iúl i mbealach cruthaitheach.

Beir leat airgead tirim ar an oíche - beidh raifil againn!

Eagraithe: Queercal Comhrá Bhaile Átha Cliath i gcomhar le hAerachAiteachGaelach le tacaíocht ón gCiste Spreagtha, Baile Átha Cliath le Gaeilge agus Craobh Bhaile Átha Cliath 7.

Tá lascaine 50% ar fáil le haghaidh bhaill de chuid AerachAiteachGaelach. Tiocfaidh tú ar an gcód lascaine i ríomhphost ónár Rúnaí Joe Simpson.

Previous
Previous

Seisiúin Scríbhneoireachta 2025

Next
Next

AAG ag Faoin Tuath